Forbhreathnú ar Ocras

Forléargas ar Ocras 

Fulaingíonn duine i ngach seachtar sa domhan ó ocras, agus sa bhreis air sin tá duine i ngach triúr tearc-chothaithe. Is príomhghné de bheartas eachtrach na hÉireann agus dár gclár cúnaimh idirnáisiúnta é an comhrac in aghaidh an ocrais agus an tearc-chothaithe domhanda. Cé go soláthraímid cabhair éigeandála mar fhreagra ar ghéarchéimeanna ocrais agus cothaithe, is é ár bpríomhfhócas ná cosc a chur ar a leithéid de ghéarchéimeanna.

Forléargas ar Ocras

Is príomhghné de chlár chúnamh idirnáisiúnta na hÉireann agus de bheartas eachtrach leathan na hÉireann é an comhrac in aghaidh an ocrais agus an tearc-chothaithe domhanda. Fulaingíonn duine i ngach ochtar sa domhan ó ocras ainsealach,(easpa macrachothaithigh). Sa bhreis ar sin fulaingíonn duine i ngach triúr de bharr easpa macrachothaitheach,an riocht a dtugtar tearc-chothú air. Tá obair Chúnamh Éireann ar Ocras faoi threoir ag na moltaí i dTuarascáil an Tascfhórsa ar Ocras 2008 Report of the Hunger Task Force, grúpa saineolaithe idirnáisiúnta a thug Rialtas na hÉireann le chéile.

Neartaíodh é seo in 2013 tríd an fhócas láidir ar laghdú an ocrais agus ar threisiú ar theacht aniar i Domhan Amháin, Todhchaí Amháin, beartas an rialtais ar fhorbairt idirnáisiúnta.

Soláthraímid cabhair éigeandála mar fhreagra ar ghéarchéimeanna ocrais agus cothaithe; is é an príomhfhócas atá againn, áfach, ná gníomhaíochtaí a thapú chun a leithéid de ghéarchéimeanna a chosc.

Ocras – Údar Imní

Déanann an chuid is mó den phobal ceangal idir ocras sna tíortha i mbéal forbartha agus na híomhánna sna meáin de ghéar-ocras agus de ghorta a fheictear go minic i ndiaidh tubaiste nó cogaidh.

Ní thugtar a leath oiread airde ar thionchar tubaisteach an ocrais ainsealaigh fadtéarmaigh a bhfuil 842 milliún de na daoine is boichte ar domhan ag fulaingt uaidh, an chuid is mó acu ina gcónaí san Afraic Fho-Shahárach agus i gcodanna den Áise.

Tairgeann an domhan a dhóthain bia do gach uile dhuine. Ach fós tá aon ochtú de dhaonra an domhain nach bhfaigheann a ndóthain bia chun saol folláin a mhaireachtáil. Is daoine bochta is mó ata i mbaol ó ghéar-ocras agus tá tionchar aige ar gach gné dá saol, sáinníonn sé i mbís bochtaineachta iad mar nach bhfuil a ndóthain fuinnimh acu a bheith sách folláin le bheith ag obair agus ag saothrú dóibh féin.

Ní bhíonn an oiread seasaimh ag daoine nach a bhfuil a ndóthain le n-ithe acu agus nach bhfuil cothaithe i gceart in aghaidh galar mar maláire, eitinn agus SEIF, rud a laghdaíonn éifeacht cóireálacha leighis. I gcás páistí, bíonn tionchar ag ocras ar a gcumas foghlama ar scoil.

Tá bagairt an ocrais treisithe de bharr fíric eile, sin go bhfuil ar scála níos leithne, tionchar ó dhamáiste comhshaoil agus ó athrú aeráide ag bánú na talún atá á saothrú ag daoine bochta atá i mbaol cheana féin, tá sé ag scrios a gcuid barr agus ag baint an bonn dá gcumas breathnú ina ndiaidh féin.

Ár bhfreagra

Tá an comhrac in aghaidh an ocrais lárnach d’obair uile Chúnamh Éireann.  Tá fulaingt na nÉireannach ón ocras le linn an Ghorta Mhóir sna 1840-idí láidir go maith fós in intinn mhuintir na hÉireann.

Aithnímid go bhfuil ceart an duine ar bhia agus ar chothú oiriúnach ar cheann de na cearta daonna is bunúsaí. Dírímid níos mó na 20% de bhuiséad Chúnamh Éireann ar ghníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leis an gcomhrac in aghaidh an ocrais.  Tá slándáil bia ríthábhachtach chun Spriocanna Forbartha na Mílaoise Millennium Development Goals (MDGs) ina n-iomláine a bhaint amach. Tá an chéad sprioc MDG 1 dírithe ar an gcion daoine a bhí ag fulaingt ón ocras i 1990 (23% de dhaonra an domhain ag an am sin) a ghearradh ina leath faoi 2015.

Ár dtosaíochtaí maidir le hocras::

Tá Cúnamh Éireann ag tabhairt faoin sprioc seo a chomhlíonadh trí dhíriú ar thrí réimse tosaíochtaí ar bhealaí atá ciallmhar ó thaobh na haeráide agus íogaireach ó thaobh cothaithe agus inscne de:                

Talmhaíocht ghabháltas beag a fheabhsú: Cuidiú le feirmeoirí gabhaltas beag, go háirithe feirmeoirí ban, chun an méid bia a tháirgeann siad agus an caighdeán cothaithe atá ann a mhéadú, trí fheabhas a chur ar an rochtain atá acu ar shíolta, uirlisí agus leasú agus ar a gcuid modhanna curadóireachta.     

Tearc-chothú máithreacha agus páistí a chosc: A chinntiú go bhfuil mná torracha agus páistí faoi dhá bhliain d’aois á gcothú i gceart. Tá seans níos fearr ag páiste a bhíonn cothaithe go maith sa chéad 1,000 lá dá shaol bás nó dochar ó ghalar a sheachaint.

Rialachas agus ceannaireacht a chur chun cinn: A chinntiú gur tosaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta é dul i ngleic le hocras agus tearc-chothú.

 Sna príomhthíortha a bhfuilimid i gcomhpháirtíocht leo; an Aetóip, Ethiopia, an MhaláivMalawi, Mósaimbíc Mozambique, an TansáinTanzania, an tSaimbiaZambia agus Siarra LeonSierra Leone, tá fócas díreach láidir againn ar an ocras. Chomh maith leis sin,tá cláir a bhfuil a gcuid torthaí ceaptha tionchar neamhdhíreach a bheith acu ar ocras á reáchtáil ag ár dtíortha is comhpháirtithe eile (mar shampla, bheadh súil go gcuirfeadh cláir oideachais agus sláinte sa bhfadtéarma le cumas tuillimh an duine a ghlacann páirt iontu).           

 Oibrímid ag leibhéil náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta ag soláthar treorach agus chun an toil tabhairt faoi na fadhbanna móra seo a láidriú. Tacaímid go láidir leis an ngluaiseacht ‘Scaling Up Nutrition’ (SUN) agus an leis an gComhpháirtíocht 1000 Lá, agus oibrímid go dlúth lenár gcomhpháirtithe áitiúla agus idirnáisiúnta, agus freisin le Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais Éireannacha eile, inár n-iarrachtaí chun slándáil bia a fheabhsú.   Bhaineamar leas as ár nUachtaránacht ar an AE in 2013 chun Slándáil Bia agus Cothú a choinneáil ar bharr an chláir oibre forbartha.      

Tacaímid freisin le taighde research ar thalmhaíocht forbartha, agus ar chothú, atá dírithe ar fheabhas a chur ar eolas agus ar thuiscint maidir le freagra níos éifeachtaí a thabhairt ar dúshláin an ocrais trí fheidhmiú na heolaíochta agus trí thuiscint níos fearr ar chleachtais shóisialta.   

 An Mian leat Tuilleadh eolais a Fháil?

Report of the Hunger Task Force 2008 (PDF, 4.10mb)

‘Ireland’s Response to World Hunger’ – Report of the Special Envoy on Hunger (PDF, 728.6kb)

‘Domhan Amháin, Todhchaí Amháin’ doiciméad beartais 2013