Skip to main content

Leathanach an Oideachais

Is ceart daonna bunúsach atá san oideachas agus tá sé de chumas aige timthriall na bochtaineachta a bhriseadh, do mhná agus do chailíní go háirithe. Tá méadú suntasach tagtha ar rátaí rollaithe leanaí le blianta anuas. In ainneoin an dul chun cinn seo, tá 61 milliún leanbh nach bhfuil ar scoil. Tá sé mar thosaíocht againn a chinntiú go bhfaigheann gach leanbh, cailíní go háirithe, an deis oideachas ardchaighdeáin a fháil agus todhchaí níos fearr a bhaint amach.