Skip to main content

Cearta an Duine

Tá cur chun cinn agus cosaint chearta uilíocha an duine i gcroílár bheartas eachtrach na hÉireann. Trí mheán ár gcláir cúnaimh, táimid ag cabhrú le pobail bhochta a gcearta a bhaint amach.

Chearta uilíocha an duine

Tá cearta an duine uilíoch – baineann siad le gach aon duine i ngach aon áit. Is trí chur i bhfeidhm an Dearbhaithe Uilechoitinn um Chearta an Duine agus ionstraimí idirnáisiúnta eile um chearta an duine a fhíoraítear na cearta sin.

Tá sé lánriachtanach go mbeidh cearta an duine, idir chearta sibhialta, cultúrtha, eacnamaíochta, polaitiúla agus sóisialta, ag gach aon duine má tá forbairt le baint amach. Mar an gcéanna, tá forbairt riachtanach chun go mbeifear in ann leas iomlán a bhaint as na cearta sin.

Mar sin féin, is é fírinne an scéal ná go sáraítear cearta bunúsacha grúpaí áirithe, go háirithe mná. Bíonn baol níos mó ann i gcónaí go sárófar cearta nuair a bhíonn na córais pholaitiúla, eacnamaíocha agus riaracháin lag. D’fhéadfadh an scéal a bheith amhlaidh in go leor de na tíortha ina n-oibrímid.

Tá sé de dhualgas ar gach stát cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn. Baineann caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine lenár dtíortha comhpháirtíochta chomh maith linn féin. Is trí Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann Chomhairle um Chearta an Duine na NA (UPR) a dhéantar gach tír, Éire san áireamh, a mheas le féachaint an bhfuil siad ag géilleadh do na caighdeáin maidir le cearta an duine.

Ós rud é gur toghadh Éire chuig Comhairle um Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe le déanaí, beidh sé ar ár gcumas ról níos treise a bheith againn i gcur chun cinn agus cosaint chearta an duine ar fud an domhain.

Tá sé lánriachtanach go mbeidh cearta an duine, idir chearta sibhialta, cultúrtha, eacnamaíochta, polaitiúla agus sóisialta, ag gach aon duine má tá forbairt le baint amach.

Ár bhfreagairt

Cuid lárnach de bheartas eachtrach na hÉireann agus d’obair na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála is ea cur chun cinn agus cosaint chearta uilíocha an duine. Cuirimid daoine bochta agus pobail bhochta chun cinn trí mheán ár gcláir cúnaimh, agus cuidímid leo a gcearta a bhaint amach ar na bealaí seo a leanas:

  • Rochtain ar oideachas, seirbhísí sláinte, uisce glan, tithíocht agus rialachas níos fearr a sholáthar inár dtíortha comhpháirtíochta
  • Institiúidí, córais rialtais, parlaimintí, institiúidí náisiúnta um chearta an duine agus meáin neamhspleácha na dtíortha comhpháirtíochta a neartú
  • Tacú le comhpháirtithe na sochaí sibhialta a chuireann cláir forbartha i bhfeidhm trí chur chuige atá bunaithe ar chearta
  • Tacú le rannpháirtíocht agus le hionadaíocht daoine bochta i gcóras chearta an duine na Náisiún Aontaithe, go háirithe laistigh de chóras an Athbhreithnithe Thréimhsiúil Uilechoitinn
  • Tacú le cosaint chosantóirí chearta an duine
  • Tacú le cosc a chur le foréigean inscne
  • Tacú le hobair Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine
  • Tacú le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine maidir lena dtionscnamh neartaithe acmhainne san Afraic

Déanann an cúnamh a thugaimid chun córais a neartú comhlánú ar iarrachtaí na hÉireann a chinntiú go gcoiscfear ainghníomhartha maidir le cearta daonna na sluaite agus go ngearrfar pionóis orthu siúd atá freagrach astu tríd an gcóras ceartais choiriúil idirnáisiúnta agus go háirithe tríd an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

Léigh Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine

Foghlaim níos mó faoi Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, atá mar threoir againn agus cearta an duine á gcur chun cinn againn ar fud an domhain.