Fianáin ar láithreán Gréasáin Chúnamh Éireann

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.”

Forbhreathnú ar Shláinte

Tá an drochshláinte agus an bhochtaineacht fite fuaite. Tá ár gcuid oibre féin agus obair ár gcomhpháirtithe dírithe ar a chinntiú gur féidir le daoine bochta, go mór mór mná agus leanaí, saol níos folláine a chaitheamh agus an lánacmhainneacht atá iontu a bhaint amach. 

Full Article Image Holding

Cúrsaí sláinte

In 2011, fuair 6.9 milliún leanbh faoi cúig bliana d’aois bás. Sin beagnach 800 leanbh gach uair an chloig. Fuair os cionn a leath bás ó thinneas a d’fhéadfaí a chosc go héasca nó a leigheas le hidirghabhálacha simplí a bhí sách saor.

Cén fáth a bhfuil leanbh a rugadh san Afraic fho-Sharáhach 16.5 uair níos mó i mbaol báis sula sroicheann sé nó sí cúig bliana i gcomparáid le leanaí ó thír forbraíochta? Cén fáth a bhfuil an t-ionchas saoil ag 48 bliain d’aois sa tSaimbia agus 80 bliain d’aois in Éirinn?

Tá sé amhlaidh toisc go bhfuil an bhochtaineacht agus an drochshláinte fite fuaite: 

“Is í an bhochtaineacht an namhaid is mó atá ag cúrsaí sláinte sa domhan forbraíochta.” Iar Ard-Rúnaí na NA Kofi Annan

Cad ba cheart a dhéanamh?

Tá dúshlán ag baint le sláinte níos fearr a thabhairt do gach duine ar domhan. Baineann trí cinn de Spriocanna Forbartha na Mílaoise le cúrsaí sláinte:

Sprioc 4: Líon na mbásanna i measc leanaí a laghdú

Sprioc 5: Feabhas a chur ar shláinte máithreacha

Sprioc 6: Dul i ngleic le VEID agus SEIF, maláire agus galair eile

Full Article Image Holding

An dul chun cinn atá déanta

Tá dul chun cinn maith déanta le deich mbliana anuas:

Dúshláin ann fós

Ach ar ndóigh ní dheachthas chomh fada le roinnt de na daoine is leochailí agus tá dúshláin mhóra fós ann: 

 

Faigh nuachtlitir an Fhóram na hÉireann um Shláinte Dhomhanda

Téigh ar an liosta seoltaí le haghaidh nuachtlitir Fhóram na hÉireann um Shláinte Dhomhanda.