Na bealaí a chaitear an t-airgead

Leithdháileann an Rialtas maoiniú suntasach ar ár gclár cúnaimh chun cuidiú lenár gcuspóir a bhaint amach maidir leis an mbochtaineacht agus an ocras a dhíothú sna tíortha is boichte ar domhan.  Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála trí mheán Chúnamh Éireann a bhainistíonn formhór an mhaoinithe sin. Tá mionanailís inár dTuarascáil Bhliantúil ar an áit agus ar an gcaoi a gcaitear an t-airgead sin

An t-airgead a chaithimid

Leithdháil an Rialtas €639 milliún ar chlár cúnaimh na hÉireann in 2012.  Tugtar Cúnamh Oifigiúil Forbartha air sin (COF).  

Tá os cionn €514 milliún nó 80% den mhaoiniú sin á bhainistiú ag Cúnamh Éireann, Rannóg de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Déantar an chuid eile, thart ar €125 milliún, a leithdháileadh trí ranna rialtais eile, go háirithe tríd an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, tríd an Roinn Airgeadais agus trí ranníocaíocht na hÉireann le Buiséad do Chomhar um Fhorbairt an AE.

Ár gcaiteachas in 2011

B’ionann ár gcaiteachas iomlán ar chúnamh in 2011 agus €657 milliún. Ba é a bhí ann ná 0.52% den Olltáirgeacht Náisiúnta (OTN) nó díreach os cionn 5 cent in aghaidh gach €10 a tháirgeann an tír. Bhainistigh Cúnamh Éireann os cionn €520 milliún nó 80% den mhaoiniú sin. Bhainistigh ranna rialtais eile an fuílleach, tuairim is €136 milliún. 

Is féidir ár gcaiteachas foriomlán a mhiondealú tuilleadh ansin idir COF Déthaobhach (is é sin maoiniú a chaitear go díreach ar na tíortha i mbéal forbartha) agus COF Iltaobhach (ár ranníocaíochtaí le gníomhaireachtaí idirnáisiúnta). Sa bhliain 2011, caitheadh beagnach 70% ar chúnamh déthaobhach.

Tá mionanailís ar chlár cúnaimh na hÉireann le fáil i dTuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann 2011 (PDF, 8.1 MB). Cuimsítear ann miondealú airgeadais ar an gcaoi ar caitheadh an maoiniú, ar na tíortha agus réigiúin a bhain leas as, agus ar na príomh-chomhpháirtithe a maoiníodh in 2011.

Roinnt fíricí agus figiúirí tábhachtacha 2011

  • B’ionann caiteachas iomlán na hÉireann ar chúnamh in 2011 agus €657 milliún.
  • Cé go bhfuil 80 tír tar éis leas a bhaint as clár cúnaimh na hÉireann, fuair ár dtíortha comhpháirtíochta beagnach 50% den chúnamh déthaobhach ar fad.   
  • Chuaigh beagnach 90% de chúnamh déthaobhach na hÉireann chuig an Afraic fho-Shahárach.
  • Soláthraíodh thart ar 37% de chlár cúnaimh na hÉireann trí mheán eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear trí NGOanna atá bunaithe in Éirinn.
  • Chuir an Coiste um Chúnamh Forbartha de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta Éire sa seachtú háit i measc na ndeontóirí cúnamh oifigiúil forbartha is flaithiúla i measc bhallstáit an Aontais Eorpaigh in 2011.

An tslí ina gcaithimid ár gcúnamh

Is é is aidhm le clár cúnaimh na hÉireann an bhochtaineacht agus an t‑ocras a laghdú, go háirithe san Afraic fho-Shahárach, an áit is mó gátar. Tacaíonn sé le forbairt fhadtéarmach agus soláthraíonn sé cabhair dhaonnúil i níos mó ná ochtó ceann de na tíortha is boichte ar domhan.

Caitear an chuid is mó den mhaoiniú ar sheirbhísí oideachais, sláinte agus VEID, ar chláir talmhaíochta agus cothaithe agus ar chabhair dhaonnúil a bhfuil géarghá léi a chur ar fáil i gcásanna éigeandála.

Soláthraíonn comhpháirtithe agus eagraíochtaí éagsúla ár gclár. Oibrímid i ndlúthpháirtíocht le rialtais, le húdaráis áitiúla agus le pobail inár dtíortha comhpháirtíochta.  Chomh maith leis sin, oibrímid i ndlúthpháirtíocht le raon leathan Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta (ESSanna) náisiúnta agus idirnáisiúnta a chabhraíonn le díothú na bochtaineachta, an ocrais, agus shárú chearta an duine. 

Is comhpháirtithe tábhachtacha iad mar gheall ar an tionchar atá acu i bpobail bhochta agus imeallaithe agus a gcumas chun freagartha, go háirithe i gcásanna daonnúla

Chomh maith leis sin tugaimid tacaíocht shuntasach trí na Náisiúin Aontaithe agus tríd an AE, rud a chuireann ar ár gcumas a bheith rannpháirteach ar leibhéal domhanda agus tacaíocht a chur ar fáil d'áiteanna lasmuigh dár dtíortha comhpháirtíochta.

Cuirimid ár gcúnamh ar fáil ar roinnt bealaí: trí chórais rialtais i dtíortha comhpháirtíochta, trí eagraíochtaí neamhrialtasacha (NGOanna) agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus trí eagraíochtaí iltaobhacha lena n-áirítear gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe.

Conas a choinnímid súil ar an airgead a chaithimid

Táimid freagrach don Oireachtas agus d'institiúidí eile as ár gcaiteachas ar chúnamh.  Déantar measúnú agus iniúchadh rialta ar ár gclár chun a chinntiú go mbaintear amach éifeachtúlacht agus luach ar airgead. Déantar é sin ar na bealaí seo a leanas:

  • iniúchóirí atá bunaithe in oifigí tíre na gclár;
  • an fhoireann mheastóireachta agus iniúchóireachta sa cheanncheathrú;
  • gnólachtaí iniúchóireachta idirnáisiúnta a bhíonn á gcoimisiúnú ag Cúnamh Éireann le hiniúchtaí a dhéanamh;
  • oifigí iniúchóireachta náisiúnta ár Rialtas comhpháirtíochta;
  • Coiste Iniúchóireachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Anuas air sin déanann Coiste um Chúnamh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta monatóireacht agus tuairisciú ar an airgead a chaithimid ar chúnamh. Comhlíonann an Coiste um Chúnamh Forbartha feidhm thábhachtach maidir le monatóireacht a dhéanamh ar ghealltanais chúnaimh ar fud an domhain lena n-áirítear maidir le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht na tacaíochta a chuirtear ar fáil.  

Ár dtiomantas do thrédhearcacht

Inár dTuarascáil Bhliantúil gach bliain, cuirimid faisnéis ar fáil faoi leithdháileadh, faoi chaiteachas, agus faoi thionchar ár gcúnaimh. I dteanna deontóirí eile, táimid tiomanta anois do mhionfhaisnéis a chur ar fáil trí chur chuige caighdeánaithe a úsáid ar féidir leis an bpobal agus na comhpháirtithe a n-oibrímid leo teacht air go héasca. Is é an rud atá ar intinn againn an fhaisnéis seo a chur ar fáil trí leas a bhaint as na formáidí nua faoi 2015. Ag teacht lenár ngealltanas a rinneadh le linn an Fhóraim Ardleibhéil maidir le hÉifeachtacht Cabhrach in Busan in 2011, d'fhorbraíomar sceideal forfheidhmithe ina léirítear dátaí foilsithe na faisnéise.

  • Our spending in 2017
  • How we spend our aid
  • Monitoring
  • Transparency

Our spending in 2017

How we spend our aid

How we spend our aid

The aim of Ireland’s aid programme is to reduce poverty and hunger, particularly in sub- Saharan Africa where the needs are greatest. It supports longterm development and provides humanitarian assistance in over eighty of the world’s poorest countries.

Most of the funding is spent on agriculture and nutrition programmes, health and HIV, education services, and on providing much-needed humanitarian assistance in emergencies situations.

Our programme is delivered by a variety of partners and organisations. In our partner countries we work closely with governments, local authorities and communities.  We also work closely with a wide range of national and international Civil Society Organisations (CSOs) to contribute to the eradication of poverty, hunger and human rights violations.  Their reach into poor and marginalised communities and their capacity to respond, especially in humanitarian situations, makes them important partners

We also give significant support through the UN and EU, which allows us to engage at a global level and provide assistance to areas outside our partner countries.

We channel our aid in a number of ways: through government systems in partner countries, through non-governmental organisations (NGOs) and civil society organizations and through multilateral organsiations including the UN agencies.‌

Monitoring

How we monitor our spending

We are accountable to the Oireachtas and other institutions for our expenditure on aid.  Our programme is regularly examined and evaluated in order to ensure it achieves effectiveness and value for money. This is done by:

  • auditors based in programme country offices;
  • the evaluation and audit team at headquarters;
  • international audit firms which Irish Aid commissions to carry out audits;
  • the national audit offices of our partner Governments;
  • the  Audit Committee of the Department of Foreign Affairs and Trade.

In addition our aid is spending is monitored by and reported on by the Organisation for Economic Co-operation’s Development’s Development Assistance Committee (OECD DAC). The DAC performs an important function in monitoring aid commitments globally including with respect to the efficiency and effectiveness of the support provided. 


Transparency

Irish Aid is Transparent

In our Annual Report each year we provide detailed information in the form of text, tables and case studies that show how the Irish Aid budget for that year is spent. In addition, in line with our commitment to aid transparency, outlined in Ireland’s policy on Development Cooperation One World One Future, Irish Aid publishes detailed information on its aid programme in the internationally agreed format. For more information on this format and other development actors publications, please visit the website of the International Aid Transparency Initiative

The following data files are now published and registered on the IATI website. The format used is the required XML format.

This data is registered to the IATI Registry. In accessing this data, users need to be aware of the following:

  • A full analysis of Ireland’s ODA for 2016, including ODA managed by other Government Departments, is available in the statistical annexes to the Irish Aid Annual Report‌.‌
  • Names of individuals and / or service providers are not published.
  • The most recent expenditure data published has not been audited.  
  • Budget data for the current year is for planning purposes only and may be subject to change.

Léigh tuilleadh

Íoslódáil an miondealú ar an gcaoi ar caitheadh an maoiniú, ar na tíortha agus na réigiúin a bhain leas as, agus ar na príomh-chomhpháirtithe a Irish Aid Annual Report 2011 as Gaeilge