Tansáin

Tá an Tansáin, atá ar cheann de na tíortha is mó san Afraic Thoir, níos mó ná deich n-uaire chomh mór le hÉirinn agus tá daonra measta 46 milliún inti. Tá fás suntasach tagtha ar gheilleagar na Tansáine le 10 mbliana anuas. Tá an tríú cuid de mhuintir na Tansáine fós ag maireachtáil faoi thairseach na bochtaineachta, áfach, agus tá drochshláinte agus droch-chothú fós ag baint do chéatadán suntasach den daonra.

Mar phríomhthír chomhpháirtíochta, oibríonn Cúnamh Éireann i gcomhar leis an rialtas agus réimse eagraíochtaí neamhrialtasacha chun a chinntiú go dtuilleann teaghlaigh bhochta tuaithe, go háirithe mná agus leanaí, dóthain chun a dteaghlaigh a bheathú agus a chothú, go gcothaítear níos fearr iad agus go mbíonn saol níos folláine agus níos faide acu.

  • Forbhreathnú
  • Cúlra
  • Ár gcuid oibre
  • Torthaí

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Sracfhéachaint ar an Tansáin

Daonra:

46.2 milliún

Céatadán daoine ag maireachtáil ar níos lú ná $1.25 in aghaidh an lae:                     

 67.9%

Rangú ar Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na NA:

152 as 187 tír

Tír Chomhpháirtíochta ó:

      1975

Éire agus an Tansáin

Tá cúnamh forbartha á chur ar fáil ag Cúnamh Éireann don Tansáin ó 1975, agus seoladh an clár cúnaimh in 1979 nuair a osclaíodh Ambasáid na Tansáine in Dar Es Salaam. Ó shin i leith, d’oibríomar le raon eagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla lena n-áirítear institiúidí rialtais, gníomhaireachtaí de chuid na NA, institiúidí idirnáisiúnta taighde, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus gníomhaireachtaí deontóra chun ár sprioc foriomlán maidir le fás cuimsitheach agus leochaileacht agus bochtaineacht laghdaithe sa Tansáin a bhaint amach.

Tá ár gcuspóirí leagtha síos againn inár bPáipéar Straitéise Tíre don Tansáin (2011 –2015) ina gcuirtear béim ar leith ar chórais rialtais a fhorbairt agus ina ndírítear ar chomhpháirtíocht agus ar idirghabhálacha lena seachadtar torthaí do na boicht agus do dhaoine leochaileacha. Tá ár gcuspóirí dírithe ar thalmhaíocht, ar chothú agus ar shláinte, i gcomhréir le tosaíochtaí Phlean Náisiúnta Forbartha Rialtas na Tansáine, Mkukuta II (2010-2015).

Chomh maith le tacaíocht a chur ar fáil tríd ár gclár cúnaimh déthaobhach, tacaímid le hobair gníomhaireachtaí cúnaimh áitiúla agus idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí misinéireachta sa Tansáin tríd ár scéimeanna maoinithe le haghaidh na sochaí sibhialta.

Mar chuid d’fhócas athnuaite na hÉireann ar thrádáil agus ar fhás geilleagrach, táimid ag obair chun comhpháirtíocht gheilleagrach níos doimhne a fhorbairt idir an Tansáin agus Éirinn. Tá an Tansáin roghnaithe mar thír phíolótach do Chiste Forbartha Agraibhia na hAfraice agus táimid ag obair i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta chun mórchuideachtaí agraibhia in Éirinn a mhealladh isteach sa tír chun tacú le fás inbhuanaithe an tionscail bia áitiúil san Afraic, margaí a fhorbairt do tháirgí áitiúla agus tacú le trádáil dhéthaobhach idir Éirinn agus an Afraic.

Ina theannta sin, tacaímid le roinnt comhpháirtíochtaí taighde agus foghlama idir institiúidí ardoideachais in Éirinn agus sa Tansáin tríd an gClár um Chomhar Straitéiseach.


Cúlra

Cúlra

Polaitiúil

Ó bhain an Tansáin a neamhspleáchas amach in 1961, tá dea-chaidreamh aici lena comharsana agus tá sí gníomhach in iarrachtaí coimhlint sa réigiún a réiteach.

Le tabhairt isteach córas polaitiúil ilpháirtí in 1992, tá daonlathas agus saoirsí polaitiúla láidrithe sa Tansáin. Le roinnt blianta anuas, tá an freasúra polaitiúil, na meáin agus an tsochaí shibhialta éirithe níos treallúsaí. Tá maoirseacht parlaiminte agus iniúchta náisiúnta go háirithe láidrithe. Tá an tír tar éis páirt a ghlacadh le déanaí i gComhpháirtíocht Rialtais Oscailte, tionscnamh iltaobhach nua a bhfuil sé d’aidhm leis tiomantais nithiúla a fháil ó rialtais chun trédhearcacht a chur chun cinn, saoránaigh a chumhachtú, éilliú a throid agus úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua chun rialachas a láidriú.

Tá iarrachtaí marthanacha déanta ag an rialtas rannpháirtíocht na mban sa pharlaimint a chur chun cinn.

Tá moladh faighte ag an gcaoi a gcaitheann an rialtas le teifigh na Burúine, ach tá cúiseanna imní fós ann maidir le réimsí eile cearta daonna, amhail foréigean inscne, cearta talún agus saoirse na meán.

Tá straitéis leagtha síos i bPlean Forbartha Náisiúnta na Tansáine chun bochtaineacht a laghdú agus fás geilleagrach a spreagadh atá ag teacht le Spriocanna Forbartha na Mílaoise.

Geilleagrach

Tá geilleagar na Tansáine ar cheann de na geilleagair is tapa fáis ar domhan, le méadú idir 5% agus 7% ag teacht ar an Olltáirgeacht Intíre (OTI) gach bliain ó 2000 i leith, a bhuíochas do rathúlacht na n-earnálacha seirbhísí, tógála agus déantúsaíochta. Ní raibh an fás sin uileghabhálach, áfach, agus tá os cionn 33% den daonra fós ag maireachtáil faoi bhochtaineacht.

Is san earnáil talmhaíochta atá go leor de ghníomhaíocht gheilleagrach na tíre ag tarlú agus tá formhór na mbarr ag fás ar fheirmeacha beaga, cothaitheacha.  Is san fheirmeoireacht a ghintear timpeall 25% d’OTI na tíre agus 30% dá honnmhairí, agus cuireann sí bia agus fostaíocht ar fáil i gcomhair os cionn trí ceathrú den daonra.

Tá ioncam talmhaíochta marbhánta, áfach, le droch-rochtain ar mhargaí agus easpa bonneagair, go háirithe ó thaobh uisciú, stóráil agus iompair de, ag cur isteach ar chumas na bhfeirmeoirí dóthain bia a tháirgeadh agus é a thabhairt chuig an margadh. Tá os cionn 15 mhilliún feirmeoir beag sa Tansáin, agus is mná iad timpeall a leath acu sin. 

Is cúis imní ar leith don phobal an t-ardú atá ag teacht ar phraghsanna bia agus breosla. Is dócha go mbeidh tionchar suntasach ag fosuithe ola agus gáis ar thángthas orthu le déanaí ar fhás agus ar rathúnas sa mheántéarma agus sa bhfadtéarma. Meastar fós go bhfuil an Tansáin ar cheann d’Fhathaigh Suain Talmhaíochta na hAfraice, ós rud é go bhfuil sé de chumas ag a talamh forleathan, a hacmhainní uisce agus a hithreacha saibhre bia a sholáthar ní hamháin don tír ach don réigiún níos leithne.

Forbairt

Tá an Tansáin sa 152 háit as 187 tír in Innéacs um Fhorbairt Dhaonna 2011 na Náisiún Aontaithe (Tá Éire sa seachtú háit). Tá dul chun cinn maith déanta ag an Tansáin i dtreo bhaint amach Spriocanna Forbartha na Mílaoise, go háirithe ó thaobh oideachais agus inbhuanaitheacht an chomhshaoil de.

Tá rátaí mortlaíochta máithreacha agus leanaí laghdaithe agus tá vacsaíní faighte ag beagnach 90% de leanaí i gcoinne diftéire, treacha agus teiteanais. In ainneoin go bhfuil dul chun cinn leanúnach déanta maidir le VEID, SEIF agus an mhaláire a sheachaint, is cúis imní atá i stádas cothaithe leanaí agus meastar 42% de leanaí faoi cúig bliana d’aois a bheith cranda nó róbheag dá n-aois.

Maireann timpeall 58% den daonra ar níos lú ná dollar in aghaidh an lae. Tá an bhochtaineacht níos géire sna ceantair thuaithe, áit a bhfuil cónaí ar 80% den daonra, agus is é an áit is measa atá sí ná i measc teaghlaigh, lena gcuimsítear tréadaithe, atá ag brath ar an talmhaíocht chun slí mhaireachtála a bhaint amach. Tá na teaghlaigh sin fíor-leochaileach don triomach, do ghalair agus do luaineacht ar phraghsanna bia, agus is orthu a dhírítear clár cúnaimh na hÉireann sa Tansáin.

Ár gcuid oibre

Ár gcuid oibre

Sa Tansáin, oibríonn Cúnamh Éireann le heagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla ar leibhéil náisiúnta agus áitiúla chun slí mhaireachtála a fheabhsú d’fheirmeoirí a bhfuil gabháltais bheaga acu, cothú a fheabhsú agus seirbhísí sláinte pobail níos cothroime agus ar chaighdeán níos fearr a bhaint amach. Ar an gcaoi sin, tugaimid aird ar riachtanais agus ar thaithí na ndaoine is leochailí, agus go háirithe, ar riachtanais na mban agus leanaí.

Slí mhaireachtála feirmeoirí a bhfuil gabháltais bheaga acu agus tréadaithe

Táimid ag tacú le feirmeoirí beaga an méid barr a tháirgeann siad a mhéadú trí chúram ainmhí níos fearr, trí uisciú níos minice agus trí rochtain níos fearr ar sheirbhísí comhairliúcháin feirme. Déanaimid é seo trí thacaíocht airgeadais agus theicniúil a chur ar fáil do Chlár Forbartha na hEarnála Talmhaíochta (Link to ASDP)

Tá sé d’aidhm againn tuilleadh ioncaim a chur isteach díreach i bpócaí na bhfeirmeoirí trí thacú le heagraíochtaí a oibríonn le feirmeoirí chun an slabhra luacha ón bhfeirm go dtí an margadh a mhéadú.

Cuirimid tacaíocht ar fáil do líonraí feirmeoirí chun iad féin a eagrú níos fearr ionas go gcloisfear iad ar leibhéal náisiúnta, go háirithe maidir le hábhair a chuireann isteach orthu amhail cearta talún agus rochtain ar sheirbhísí.  

Táimid ag tacú freisin le roinnt eagraíochtaí sochaí sibhialta a oibríonn le pobail thréadacha sa Tansáin chun a gcearta maidir le slí mhaireachtála inbhuanaithe a bhaint amach. 

Slándáil an tsoláthair bhia agus freagairt cothaithe a fheabhsú

Ar an leibhéal náisiúnta, táimid ag díriú ar a chinntiú go bhfuil idirghabháil chothaithe mar chuid de phleananna agus de bheartais an rialtais agus bhíomar páirteach go gníomhach i bhforbairt na straitéise cothaithe náisiúnta. Déanaimid stocaireacht freisin chun maoiniú méadaithe a bhaint amach le haghaidh cúrsaí cothaithe agus chun idirghabhálacha cothaithe a bhaint amach i bpleananna talmhaíochta agus sláinte dúiche, go háirithe idirghabhálacha a dhíríonn ar mhná agus ar leanaí.

Táimid ag obair chun cleachtais chothaithe agus aiste bia a fheabhsú ar leibhéal an teaghlaigh trí thacú le heagraíochtaí pobail agus sochaí sibhialta. Tacaímid freisin le hinstitiúidí taighde agus le treoirthionscnaimh ina ndírítear ar éagsúlú barr agus ar na naisc idir fás talmhaíochta agus cothú.

Caighdeán agus cothromas seirbhísí sláinte áitiúla a fheabhsú

Táimid ag tacú le torthaí sláinte níos fearr do phobail agus do dhaoine bochta ar fud na Tansáine, trí mhaoiniú díreach a dhéanamh ar phlean náisiúnta na hearnála sláinte. Tá Éire i measc ocht ranníocaí deontóra don Chiste Sláinte, meicníocht mhaoinithe comhthiomsaithe a éascaíonn sreabhadh acmhainní airgeadais agus eile go díreach chuig na seirbhísí sláinte ceantair. Is é an aidhm atá ann seachadadh seirbhísí sláinte ar leibhéal áitiúil a fheabhsú agus an córas sláinte foriomlán a láidriú trí phleanáil, buiséadú agus tuairisciú níos fearr.

Chomh maith lenár dtacaíocht don rialtas chun seirbhísí sláinte níos fearr a sheachadadh, tacaímid le cláir a chuireann feasacht agus rannpháirtíocht níos fearr chun cinn do shaoránaigh ionas gur mbeidh guth acu agus go mbeidh an rialtas freagrach as na seirbhísí a fhaigheann siad.

Tacaímid freisin le seirbhísí um ardú feasachta, seirbhísí tacaíochta agus sainseirbhísí do ghrúpaí leochaileacha ar leith trí thacú le heagraíochtaí pobail agus sochaí sibhialta, ag díriú ar chearta ban agus ar chearta míchumais.

Cuntasacht i leith saoránach a fheabhsú

Tá tacaíocht d’eagraíochtaí sochaí sibhialta agus iad ag cur rannpháirtíochta níos fearr do shaoránaigh agus cuntasacht níos fearr an rialtais chun cinn chomh maith le cláir ina ndírítear ar chomhionannas inscne agus ar fhoréigean inscne, agus ina gcuirtear meáin saor, cothrom chun cinn.

An tslí ina gcaithimid ár mbuiséad

Chun tacú leis na cláir forbartha seo sa Tansáin, tá sé i gceist againn timpeall €156.5 milliún a chaitheamh thar thréimhse cúig bliana an Pháipéir Straitéise Tíre don Tansáin (ó 2011 - 2015). Rachaidh formhór an mhaoinithe sin go díreach chuig an rialtas trí thacaíocht don bhuiséad ginearálta agus do na hearnálacha sláinte agus talmhaíochta.

In 2011, chaitheamar os cionn €31 milliún ag tacú le cláir an rialtais agus lenár n-eagraíochtaí comhpháirtíochta. 

Torthaí

Torthaí

Dul chun cinn na Tansáine

Ar leibhéal náisiúnta, rinne an Tansáin dul chun cinn suntasach sna réimsí a leanas:

  • Tháinig laghdú ar líon na ndaoine atá ag maireachtáil faoi thairseach na bochtaineachta, ó 35.7% in 2001 go dtí 33.3% in 2007.
  • Tá rátaí báis naíonán gearrtha beagnach ina leath ó 2000 i leith, agus tá rátaí báis leanaí faoi cúig bliana d’aois laghdaithe ó 112 in aghaidh an 1,000 bás beo in 2004/05 go 81 in aghaidh an 1,000 bás beo in 2010.
  • Bhí 36.4% níos mó leanaí ag dul ar scoil in 2010 ná mar a bhí in 2000 agus tá beagnach an méid céanna buachaillí agus cailíní ag clárú i mbunscoileanna.
  • Tá méadú 51% tagtha ar an achar talún faoi uisciú, ó 264,388 heicteár in 2006/7 go dtí 399,775 heicteár in 2010/11.

An cúnamh a thugamar

D’imir Cúnamh Éireann ról sa dul chun cinn atá déanta ag an Tansáin: Le tacaíocht ó Chúnamh Éireann:

  • Mhéadaigh líon na dteaghlach a bhfuil gabháltais bheaga acu a fuair comhairle maidir le síneadh ó 34% in 2002 go 60% in 2009 trí chur i bhfeidhm Chlár Forbartha Earnáil na Talmhaíochta.
  • Tá tuilleadh airgid á chaitheamh ar shláinte, le méadú beagnach €12 in aghaidh an duine ó 2000 go dtí 2010. Tá baint ag an méid a chuireann Cúnamh Éireann le cistí sláinte agus tacaíochta buiséid leis an bhfeabhas seo.  
  • Tá Straitéis Náisiúnta maidir le Cothú curtha i gcrích agus formhuinithe. Tá 106 oifigeach cothaithe dúiche agus 11 oifigeach cothaithe réigiúnach ceaptha agus i mbun a gcuid oibre.
  • Tá timpeall 7,000 feirmeoir cócó a bhfuil gabháltais bheaga acu ábalta a dtáirgí a dhíol nó a mhargú le monarcha coipthe cócó agus le déantúsóirí seacláide trí chur i bhfeidhm chláir TechnServe.
  • Tá os cionn 70,000 feirmeoir a bhfuil gabháltais bheaga acu tar éis a nguth a láidriú trí bhallraíocht a ghlacadh i líonraí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta de ghrúpaí feirmeoirí ar scála beag, arna chomhordú ag MVIWATA.

 

Tá cóireáil curtha ar os cionn 800 bean a bhí ag maireachtáil le fiostúl ag an Ospidéal um Athshlánú Uileghabhálach Bunaithe sa Phobal sa Tansáin (CCBRT) ó 2009 i leith.

Read more

Irish Aid’s Tanzania Country Strategy Paper 2011-2015 (PDF - 817KB) sets out how we respond to the changing development environment in Tanzania.