Uganda

Tír thalamhiata in oirthear na hAfraice is ea Uganda, atá thart ar thrí huaire chomh mór le hÉirinn. Cónaíonn na daoine i gceantair thuaithe den chuid is mó, agus is as an talmhaíocht a fhaigheann siad a slí bheatha. Cé go raibh rátaí fáis gheilleagraigh atá ard go seasta ag Uganda, mar aon le teist láidir maidir le freagra a thabhairt ar VEID agus SEIF, bhí sé ag streachailt lena chinntiú go bhfaigheadh gach saoránach dá chuid an tairbhe chéanna.

Oibríonn Éire le Rialtas Uganda agus le raon eagraíochtaí neamhrialtasacha chun tacú le cláir trína gcinntítear gur féidir le leanaí dul ar scoil agus oideachas maith a fháil, go dtugtar tacaíocht do na pobail is leochailí, go bhfuil guth níos láidre ag saoránaigh maidir leis an gcaoi a ndéantar gnóthaí a dtíre a reáchtáil, agus go bhfeidhmíonn córais chuntasachta go héifeachtach. 

  • Forbhreathnú
  • Cúlra
  • Ár gcuid oibre
  • Torthaí

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Sracfhéachaint ar Uganda

Daonra:

34.5 milliún 

Céatadán daoine ag maireachtáil ar níos lú ná $1.25 in aghaidh an lae:                     

 28.7%

Rangú ar Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na NA:

161 as 187 tír

Tír Chomhpháirtíochta ó:

 1994

Éire agus Uganda

D’osclaíomar ár nAmbasáid in Uganda in 1994, nuair a bhunaíomar ár gclár cúnaimh oifigiúil. Ó shin i leith, tá Cúnamh Éireann ag obair le raon eagraíochtaí comhpháirtíochta lena n-áirítear institiúidí rialtais, gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe, institiúidí taighde idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí cúnaimh chun ár gcuspóirí forbartha in Uganda a bhaint amach.

Tá na cuspóirí sin leagtha amach againn sa Irish Aid Uganda Country Strategy Paper 2010-2014 dár gcuid (PDF, 868kb), arna threorú ag Plean Forbartha Náisiúnta Rialtas Uganda féin agus ag ár dtiomantas an bhochtaineacht a laghdú do na daoine agus na pobail is leochailí in Uganda.

Mar gheall ar an mí-leithghabháil a rinneadh le déanaí ar mhaoiniú de chuid Chúnamh Éireann a bhí curtha in áirithe do Thuaisceart Uganda i mí na Samhna 2012, chuireamar ar fionraí gach maoiniú de chuid Chúnamh Éireann trí chórais rialtais agus tá ár gcur chuige iomlán á athbhreithniú againn faoi láthair. Tá súil againn go mbeidh sonraí an chláir athbhreithnithe againn sa chéad ráithe de 2013.

Chomh maith le cabhair a sholáthar trínár gclár cúnaimh déthaobhach, tacaímid le hobair gníomhaireachtaí cúnaimh áitiúla agus idirnáisiúnta agus eagraíochtaí misinéireachta in Uganda trí scéimeanna maoinithe na sochaí sibhialta dár gcuid.

Tugaimid tacaíocht do thionscnaimh forbartha san earnáil phríobháideach, mar shampla Traidlinks, trína dtreisítear na naisc thrádála agus infheistíochta idir Uganda agus Éirinn ar bhealaí a théann chun tairbhe an dá thír.

Agus tacaítear le roinnt comhpháirtíochtaí taighde agus foghlama idir institiúidí ardoideachais in Éirinn agus in Uganda tríd an gClár um Chomhar Straitéiseach.

 

Cúlra

Cúlra

Polaitiúil

Bhain Uganda amach a neamhspleáchas ón mBreatain in 1962 ach bhí tréimhse fhada cruatain i ndán don tír ina dhiaidh faoi na réimis leatromacha de chuid Idi Amin agus Milton Obote sula ndearna an tUachtarán Yoweri Museveni táthcheangal ar an Rialtas in 1986.  Atoghadh an tUachtarán Museveni den chéad uair in 1996, agus den cheathrú uair in 2011. 

Ó thaobh na polaitíochta de, tá Uganda réasúnta cobhsaí. Tá sé léirithe ag a naoú Parlaimint nua agus ag preas atá saor go bhfuil siad sásta an Rialtas a bheith freagrach as a chuid beartas agus cinntí.  Agus tá an troid a raibh tuaisceart Uganda céasta aici thart anois den chuid is mó, cé go bhfuil an tír leochaileach go fóill i ndáil le corraíl shibhialta, le saincheisteanna faoi chearta an duine agus leis an éilliú.

Tá feabhas ginearálta tagtha ar urramú chearta an duine, ar rochtain ar cheartas, ar shlándáil daoine agus mhaoine, agus ar chloí le riail an dlí agus le próis chuí. Is de bharr feabhsuithe i bhfeidhmiú an chórais dlí in Uganda a tharla cuid den fheabhas ginearálta sin. 

Go háirithe, trí úsáid a bhaint as an straitéis ar fud na hearnála, chabhraigh an Earnáil Dlí, Cirt agus Oird le seachadadh an cheartais a dhílárú, agus bunaíodh cóid iompair agus caighdeáin feidhmíochta le haghaidh pearsanra na hearnála dlí.  In ainneoin na bhfeabhsúchán sin, tá an rochtain ar an gceartas in Uganda srianta go suntasach de bharr cúiseanna amhail an riaráiste ollmhór cásanna, easpa oiliúna is gá do phearsanra dlí, baic reachtaíochta agus an bhochtaineacht féin.

Tá dul chun cinn maith déanta ag Uganda i dtreo bhaint amach Spriocanna Forbartha na Mílaoise, atá ailínithe go dlúth lena Phlean Forbartha Náisiúnta (PDF, 7.82mb) féin. Dírítear sa Phlean sin ar gheilleagar na tíre a fhás agus ar fhostaíocht a mhéadú chomh maith lena chinntiú go bhfuil na seirbhísí a theastaíonn ó na daoine acu chun a bheith sláintiúil, táirgiúil, agus oideachas a bheith orthu.

Geilleagrach

Leanann geilleagar Uganda ag feidhmiú níos fearr ná geilleagar na dtíortha eile sa réigiún. Is ionann ráta fáis na hOlltáirgeachta Intíre (OTI) faoi láthair agus thart ar 3.2% agus is í earnáil na seirbhísí an gníomhaí is mó a spreagann an fás geilleagrach.

Is é an talmhaíocht príomhfhoinse ioncaim na tíre, agus faigheann 66% de dhaonra Uganda atá in aois oibre a gcuid ioncaim ón bhfeirmeoireacht. Tá príomh-onnmhairí Uganda ar fad bunaithe ar an talmhaíocht agus is é an caife an príomh-thráchtearra i gcomhair onnmhairithe.  Tá bac fós á chur ar an méid a chuireann earnáil na talmhaíochta le fás agus forbairt ag leibhéil ísle infheistíochta poiblí, meicniú teoranta agus beartais neamhfhabhracha maidir le húsáid talún. 

Tá saibhreas acmhainní nádúrtha ar nós cóbailt agus copair sa tír. Agus thángthas le déanaí ar ola, a d'fhéadfadh teacht isteach idir US$2 agus US$5 billiún in ioncam breise a ghiniúint in aghaidh na bliana, rud a d’fhéadfadh cabhrú le Uganda a sprioc a bhaint amach maidir le bheith ina Tír Mheánioncaim.

Forbairt

In ainneoin fhás suntasach geilleagrach Uganda, tá sé rangaithe sa 161ú áit as 187 tír ar Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na Náisiún Aontaithe (tá Éire sa seachtú háit faoi láthair). Maireann níos mó ná 8.5 milliún de mhuintir Uganda faoi bhochtaineacht go fóill.  I measc na réigiún is boichte in Uganda tá réigiún Karamoja in oirthuaisceart na tíre, ina bhfuil 75% den phobal rangaithe mar bhochtáin. Bhí blianta coinbhleachta armtha agus na héifeachtaí a bhaineann le hathrú aeráide ina mbun le bochtaineacht mhillteach agus neamhshlándáil an tsoláthair bia.  

Fadhb leanúnach is ea an foréigean inscne in Uganda, in ainneoin na reachtaíochta lena ndearnadh iarracht aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin. Tá mná Uganda go mór i mbaol freisin maidir le bás a fháil le linn toirchis nó breith linbh, cé go bhfuil feabhas tagtha ó thaobh rátaí báis leanaí faoina cúig bliana d’aois. Tá géarghanntanas oibrithe sláinte oilte in Uganda freisin, rud a bhfuil tionchar aige ar chumas an Rialtais seirbhísí sláinte a fheabhsú.

In ainneoin na ndúshlán sin, tá dul chun cinn déanta i réimsí eile. Tá beagnach 5 mhilliún níos mó daltaí i mbunscoileanna anois ná mar a bhí amhlaidh in 1997, figiúr atá níos suntasaí fós ós rud é go bhfuil níos mó ná leath de phobal na tíre faoi bhun 15 bliana d’aois.

 Tá ionchas saoil méadaithe ó 45 bliain in 2003 go dtí 54 bliain in 2011. Agus tharla titim shuntasach sa tír ar an ráta leitheadúlachta VEID agus SEIF, ar ionann é faoi láthair agus 7.3% i gcomparáid le 18% sna 1990í. Mar sin féin, ní mór do Uganda comhdhlúthú a dhéanamh anois ar an méid atá bainte amach aige maidir le leitheadúlacht VEID a laghdú. Cúis imní is ea na treochtaí le déanaí. Tá an galar ina chúis le haon trian de na básanna i measc daoine fásta agus níos mó ná leath de na básanna i measc leanaí atá faoi aois a cúig.

Ár gcuid oibre

Ár gcuid oibre

In Uganda, tacaíonn obair Chúnamh Éireann le cuspóirí Rialtas Uganda chun bochtaineacht agus leochaileacht mhuintir Uganda a laghdú trína chinntiú go bhfuil siad sláintiúil, go bhfuil oideachas orthu, agus go bhfuil siad in ann a lánacmhainneacht a bhaint amach.  Agus sin á dhéanamh againn oibrímid le comhpháirtithe éagsúla ar leibhéal náisiúnta agus leibhéal áitiúil agus dírímid ar sheachadadh torthaí d’fhir bhochta agus do mhná bochta sna réimsí seo a leanas:

Fócas ar na pobail is leochailí in Karamoja

Fírinne laethúil is ea an bhochtaineacht mhillteach i gcás go leor daoine a bhfuil cónaí orthu in Karamoja, réigiún a bhíonn buailte go minic ag an triomach agus ag an ocras. Trí thacaíocht a thabhairt don Rialtas lena Phlean Síochána, Aisghabhála agus Forbartha le haghaidh tuaisceart Uganda, táimid ag tacú le pobail bhochta ar roinnt bealaí. Déantar íocaíochtaí beaga airgid go rialta le 3,500 de na teaghlaigh is leochailí agus is imeallaithe, beart trína gcoisctear teaghlaigh ó éirí níos boichte fós.

Tá mórchlár tógála scoile in Karamoja á mhaoiniú againn. Thugamar tacaíocht freisin maidir le hoideachas dara leibhéal a chur ar os cionn 1,300 mac léinn i réigiún Acholi agus i réigiún Karamoja agus maidir le 25 scoláireacht ollscoile in aghaidh na bliana lena dtugtar an deis do mhic léinn ó na teaghlaigh is boichte leanúint lena gcuid oideachais. Is ar chailíní a bhronntar 65% de na scoláireachtaí sin. 

Táimid ag tacú chomh maith le clár nuálaíoch trína gcuirtear le cumhachtú geilleagrach na bpobal trí shábháil an fhómhair 'guma acáise'. Úsáidtear an guma nádúrtha sin, atá déanta as sú cruaite an chrainn acaicia, chun réimse leathan rudaí a dhéanamh, dúch agus snasán bróg, deochanna boga agus cosmaidí ina measc. Tá naisc idir na pobail sin agus gnólachtaí na hÉireann, agus tá pleananna comhaontaithe i ndáil le táirgeadh a mhéadú sna blianta amach romhainn. Fágann sé sin go mbeidh luach saothair intuartha agus cothrom ar fáil do na pobail áitiúla.

A chinntiú go bhfuil oideachas níos fearr ar fáil do chailíní agus do bhuachaillí

Ar an leibhéal náisiúnta, tugaimid tacaíocht don Aireacht Oideachais chun an straitéis náisiúnta oideachais a sheachadadh, agus dírímid ar fheabhas a chur ar oiliúint múinteoirí agus ar chabhrú le leanaí scileanna bunúsacha litearthachta, uimhearthachta agus saoil a fhoghlaim.

De réir mar a chríochnaíonn níos mó leanaí oideachas bunscoile, is gá a chinntiú gur féidir leo leanúint ar aghaidh go dtí an leibhéal iar-bhunscoile.  Táimid ag tacú le hathchóiriú curaclaim, le teagasc na heolaíochta agus na matamaitice ar an dara leibhéal agus le hathshlánú na meánscoileanna.

Ag freagairt do VEID agus SEIF

Mar fhreagra ar na treochtaí is cúis imní le déanaí, ina léirítear go bhfuil borradh faoin ngalar arís, táimidne agus ár gcomhpháirtithe forbartha ag tacú le cur i bhfeidhm cláir chomhchuibhithe maidir le VEID a chosc. Tá sé mar aidhm leis an gclár rochtain a mhéadú ar sheirbhísí ardchaighdeáin galarchoisc do na daoine is leochailí. Ina theannta sin, táimid ag cabhrú leis an 11 ghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe lena gcomhdhéantar Comhfhoireann na Náisiún Aontaithe um SEIF chun an Clár Tacaíochta aonair de chuid na Náisiún Aontaithe ar SEIF a sheachadadh.

Lenár dtacaíocht d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta in Uganda, tá sé mar aidhm againn gníomhaíochtaí galarchoisc a threisiú agus feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí do dhaoine atá ag maireachtáil le VEID agus SEIF.

Cur le rochtain ar cheartas ag daoine bochta agus daoine leochaileacha

Chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag daoine bochta agus daoine leochaileacha ar an gceartas, táimid ag tacú le príomhinstitiúidí ceartais, dlí agus oird Uganda (póilíní, príosúin, breithiúna agus an Coimisiún um Chearta an Duine). Dá bharr sin, tá níos mó daoine ag fáil cúnamh dlíthiúil agus tá níos lú ama á chaitheamh ar athchur. Gné den chlár um Earnáil an Cheartais agus an Dlí is ea comhthionscnamh oiliúna a bhfuil an Garda Síochána agus Seirbhís Phóilíneachta na Ríochta Aontaithe agus Thuaisceart Éireann páirteach ann agus iad ag obair le póilíní Uganda.  Dírítear tacaíocht na hÉireann go príomha ar phóilíneacht an phobail, agus ar chumas bainistíochta na bpóilíní in Uganda a neartú.

Ag freagairt d’fhoréigean inscne

Táimid ag neartú ár gcur chuige maidir le cláir ghalarchoisc agus cláir fhreagartha, ag obair tríd an rialtas áitiúil agus trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus muid ag díriú ar réigiúin ina bhfuil an leitheadúlacht is airde sa tír maidir le foréigean inscne. I gcomhar le comhpháirtithe forbartha eile, tá forbairt agus cur i bhfeidhm straitéise náisiúnta i ndáil le foréigean inscne á chur chun cinn againn, agus táimid ag déanamh abhcóideachta ina leith sin.

Cur chun cinn na cuntasachta

Tugaimid tacaíocht do chlár chun an daonlathas a dhoimhniú in Uganda agus chun cabhair a sholáthar do roinnt príomh-chomhpháirtithe de chuid na sochaí sibhialta, agus muid ag díriú ar chearta an duine agus ar shaincheisteanna cuntasachta. Ina theannta sin, cuireadh oiliúint i mbainistíocht airgeadais ar níos mó ná 90,000 oifigeach rialtais áitiúil trí chlár athchóirithe lena gcabhrófar chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht, éifeachtacht agus cuntasacht sa rialtas láir agus sa rialtas áitiúil.

De bharr go bhfuarthas ola in Uganda, d’fhéadfadh an cumas a bheith ag an tír an ceann is fearr a fháil ar an mbochtaineacht. Táimid ag féachaint ar bhealaí inar féidir leis an earnáil fuinnimh in Uganda a bheith níos trédhearcaí ionas go gcaithfear an t-ioncam ón ola go héifeachtach agus ar mhaithe leis na daoine. 

Deiseanna geilleagracha a mhéadú

Tá fás gheilleagar na tíre ina ghné thábhachtach de Phlean Forbartha Náisiúnta Uganda. Trí thacaíocht a thabhairt do Traidlinks, eagraíocht neamh-bhrabúsach Éireannach, táimid ag cabhrú le fiontair bheaga agus mheánmhéide a gcuid gnó a fhorbairt agus deiseanna margaidh réigiúnacha a aithint.

An tslí ina gcaithimid ár mbuiséad

Thar thréimhse cúig bliana na Straitéise Tíre do Uganda 2010 – 2014, tá sé beartaithe againn timpeall is €33 milliún a chur ar fáil in aghaidh na bliana, faoi réir infhaighteacht an bhuiséad. Chaitheamar €34.5 milliún chun tacú lenár gcláir forbartha in 2011 (féach ar an achoimre ar Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann 2011 – Iarscríbhinn 9, Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann (PDF, 8.9mb)).

 

Torthaí

Torthaí

Dul chun cinn Uganda

Ar an leibhéal náisiúnta, tá dul chun cinn suntasach déanta ag Uganda sna réimsí seo a leanas:

  • Tá an céatadán den daonra a mhaireann ar níos lú ná $1.25 dollar in aghaidh an lae laghdaithe go suntasach ó 51% in 2006 go dtí 28% in 2011.
  • Tá méadú faoi thrí tagtha ar rátaí rollaithe bunscoile, ó thart ar 2.7 milliún in 1997 go dtí thart ar 8.3 milliún in 2011.
  • Tá céatadán na leanaí a chríochnaíonn a gcuid oideachais bunscoile ardaithe ó 54% in 2010 go dtí 67% in 2011/12.
  • Tá méadú tagtha ar an leibhéal sástachta i measc shaoránaigh Uganda maidir le feidhmiú an daonlathais in Uganda ó 37% in 2008 go dtí 53% in 2011.
  • Is féidir le 70% de na limistéir thuaithe rochtain a fháil ar institiúidí ceartais anois i gcomparáid le 65% in 2007.

An cúnamh a thugamar

D’imir Cúnamh Éireann ról sa dul chun cinn atá déanta ag Uganda:

  • Bhain 30,000 duine a bhí leochaileach agus imeallaithe tairbhe as aistrithe airgid faoin gClár Náisiúnta um Choimirce Shóisialach le cabhair ó Chúnamh Éireann.
  • Cuireadh cúram agus tacaíocht ar fáil do 53,000 dílleachta agus leanbh leochaileach agus cuireadh comhairle ar 2,264,282 duine eile, cuireadh faoi thástáil VEID iad agus fuair siad a gcuid torthaí trí chabhair ó Chúnamh Éireann do Chiste na Sochaí Sibhialta.
  • Cuidíodh le 464,880 duine maidir le cúnamh dlíthiúil aonair agus bhain níos mó ná 3 mhilliún duine tairbhe as gníomhaíochtaí ginearálta for-rochtana dlí trí chabhair ó Chúnamh Éireann.
  • Chuir Cúnamh Éireann tacaíocht i leith earnáil an oideachais ar fáil do Rialtas Uganda, agus de bharr cúnamh breise d’fhreastail os cionn 1,300 mac léinn a bhí faoi mhíbhuntáiste ar an meánscoil trí sparánachtaí, rud lenar cinntíodh athshlánú 11 mheánscoil agus 2 choláiste oiliúna múinteoirí in Karamoja.
  • Trí chabhair ó Chúnamh Éireann, fuair 34 cuideachta in Uganda rochtain ar mhargaí na Céinia agus Ruanda, agus cruthaíodh breis is 300 nasc idir gnólachtaí, as a n-eascróidh suim mheasta €1.3 milliún in onnmhairithe chuig na margaí sin faoin mbliain 2013.
  • Bunaíodh 192 Grúpa Gníomhaíochta Pobail um Fhoréigean Inscne in ocht gceantar in Busoga le tacaíocht ó Chúnamh Éireann.
  • Mar thoradh ar thacaíocht Chúnamh Éireann d’oiliúint réamh-thoghcháin do mhná ar mian leo páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta, toghadh 1,500 as 2,000 bean Ugandach ar iarrthóirí toghcháin iad ar an leibhéal áitiúil, ar leibhéal ceantair agus ar an leibhéal náisiúnta.
  • Mar thoradh ar thacaíocht Chúnamh Éireann do ‘Chlár Póilíneachta Pobail’, chuir an Garda Síochána oiliúint ar 105 ball d’Fhórsa Póilíneachta Uganda, a chuir oiliúint ar a seal ar 600 póilín maidir le modhanna póilíneachta pobail.

 

Trí thacaíocht Chúnamh Éireann chun cur le héifeachtúlacht in earnáil na gcúirteanna, cabhraíodh le níos mó ná 14,000 duine a scaoileadh saor ó choinneáil, agus déileáladh le 25% níos mó cásanna in 2010/11 ná in 2009/10.

Faigh Amach Tuilleadh

Íoslódáil Páipéar Straitéise Tíre Chúnamh Éireann

Leagtar amach i Irish Aid Uganda Country Strategy Paper 2010-2014 (PDF, 868kb) conas mar a thugaimid freagra ar an timpeallacht athraitheach ó thaobh na forbartha in Uganda.