Fianáin ar láithreán Gréasáin Chúnamh Éireann

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.”

Ciste Meán Simon Cumbers

Tá ról tábhachtach ag na meáin ó thaobh an pobal a chur ar an eolas faoin domhan forbraíochta. Tugann iriseoirí beocht do shaincheisteanna ar bhealach a thuigeann daoine go maith. Aithnímid ról na meán agus táimid tiomanta do thacú le hiarrachtaí iriseoirí tuairisciú ar shaincheisteanna forbartha.    

2013/14 winner of the Simon Cumbers Media Fund Student Scheme, Raffaele Rocca

Cad é Ciste Meán Simon Cumbers?

Cuireann Ciste Meán Simon Cumbers clúdach ardchaighdeáin ar shaincheisteanna forbartha domhanda i meáin na hÉireann chun cinn trí thacú le hiriseoirí taisteal chuig an domhan forbraíochta chun tuairisc a sholáthar le bheith foilsithe i gcló, i gcraolachán nó ar líne. Bunaíodh é in 2005 i gcuimhne an iriseora Éireannaigh Simon Cumbers, a maraíodh san Araib Shádach fad is a bhí sé ag obair leis an BBC an bhliain roimhe sin.  

Cén fáth a bhfuil baint againn leis?

Tugaimid tacaíocht do Chiste Meán Simon Cumbers chun clúdach meán a éascú ina gcuirtear i láthair léargas cothrom agus réadúil ar na dúshláin os comhair pobal sa domhan forbraíochta agus ar an dul chun cinn atá á bhaint amach. ‌

Maoiniú

Is féidir le heagraíocht meán nó gairmí meán ar bith iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Bíonn dhá bhabhta maoinithe ann gach bliain: ceann i rith an tsamhraidh agus ceann i rith an gheimhridh. Glactar le hiarratais maidir le tionscadail chló nó chraolacháin, chomh maith le tionscadail ghrianghrafadóireachta agus tionscadail sna meáin nua. Moltar iarratais chomhoibríocha chomh maith: mar shampla, comh-iarratas ó ghrianghrafadóir agus iriseoir nuachtáin.

Is é aidhm Chiste Meán Simon Cumbers ná cuidiú le tuairisciú ardchaighdeáin ar shaincheisteanna forbartha i meáin na hÉireann agus é a chur chun cinn.

Comórtas do mhic léinn

Tacaímid freisin le comórtas tiomanta Chiste Meán Simon Cumbers do mhic léinn. Tá an comórtas sin ceaptha le feasacht agus tuiscint a mhúscailt ar shaincheisteanna forbartha i measc mac léinn tríú leibhéal. Deonaítear dhá dhámhachtain faoin gcomórtas seo: ceann sa chatagóir ‘Cló’ agus ceann sa chatagóir ‘Craoladh’. 

Déanann painéal moltóirí, ar a bhfuil ionadaithe ó Chúnamh Éireann, Muintir Cumbers agus Údarás Craolacháin na hÉireann, chomh maith le roinnt saineolaithe meán aonair, na hiarratais rathúla a roghnú

Faigh tuilleadh faisnéise faoi Chiste Meán Simon Cumbers

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gCiste agus conas iarratas a dhéanamh, féach ar www.simoncumbersmediafund.ie