Skip to main content

Lá Domhanda Raidió: Raidió a úsáid chun Feirmeoireacht a Fheabhsú

Talmhaíocht, Éifeachtacht an Chúnaimh, Nuacht/gné-alt, An Aetóip, An Afraic, An Mhaláiv, An Tansáin, 2014
Ansiira Nyirabagenzi inspects her new crop of Quality Protein Maize in Nyabugando, Western Uganda. Photo: Harriet Adong / Farm Radio International

Ansiira Nyirabagenzi ag féachaint ar bharr nua de Ghrán Buí Próitéine Ardchaighdeáin in Nyabugando, Uganda, a chuir sí i ndiaidh fheachtas raidió feirmeoireachta ar an ábhar.

Feirmeoirí beaga a chuireann formhór de bhia na hAfraice ar fáil agus ní mór cur le táirgiúlacht na bhfeirmeoirí sin má táthar leis an ngéarchéim ocrais ar an ilchríoch a réiteach. Is iomaí dúshlán a bhíonn roimh fheirmeoirí beaga, áfach, lena n-áirítear drochchaighdeán síolta, ithir neamhthorthúil, rochtain teoranta ar mhargaí agus na torthaí uafásacha a bhíonn ag athrú aeráide. Cé gur chuir taighde talmhaíochta go leor réiteach ar na fadhbanna sin ar fáil, tá bearna ríthábhachtach ann idir na heolaithe talmhaíochta a fhorbraíonn na réitigh sin agus na feirmeoirí ar ghabháltais bheaga a chaithfidh iad a úsáid. Is bealach thar a bheith éifeachtach iad cláir raidió feirmeoireachta chun an bhearna sin a líonadh.

Tá Cúnamh Éireann ag tacú le Raidió Idirnáisiúnta Feirme i gceithre thír san Afraic chun cláir raidió a chur ar fáil d’fheirmeoirí ar ghabháltais bheaga. Stáisiúin raidió áitiúla a léiríonn agus a chraolann na cláir raidió. Díríonn gach feachtas ar chleachtas nua feirmeoireachta a fhéadfaidh feirmeoirí triail a bhaint as. Freagraíonn na cleachtais nua d’fhadhbanna a bheadh aitheanta ag na feirmeoirí féin agus tá siad bunaithe ar an taighde talmhaíochta is nua-aimseartha atá forbartha i lárionaid taighde talmhaíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta. Baineann feirmeoirí beaga úsáid as an eolas sin chun cinneadh eolasach a dhéanamh cibé ar mian leo barra nua a chur nó triail a bhaint as cleachtais feirmeoireachta éagsúla.

Tá feirmeoirí ag foghlaim faoi léagúim a chur, barr a bhfuil a lán próitéine ann agus a chuireann nítrigin san ithir.

Sa Tansáin, tá feirmeoirí ag foghlaim faoi ghlasraí a chur le gur féidir leo a gcuid cothaithe féin a fheabhsú agus earraí a dhíol le margaí nua. Sa Mhaláiv, díríonn an feachtas ar aoileach múirín a úsáid chun an ithir a dhéanamh níos torthúla. In Uganda, tá feirmeoirí ag éisteacht le cláir maidir le cineál nua gráin bhuí a bhfuil a lán próitéine ann a chur. San Aetóip, tá feirmeoirí ag foghlaim faoi léagúim a chur, barr a bhfuil a lán próitéine ann agus a chuireann nítrigin san ithir. Bíonn deis ag na feirmeoirí glaoch isteach i rith na gclár raidió sin agus ceisteanna sonracha a chur ar thaighdeoirí, agus aon fhadhbanna a bhíonn acu a chur in iúl do thaighdeoirí.

Tá súil ag Raidió Idirnáisiúnta Feirme na seirbhísí raidió sin a leathnú amach in 2014 le heolas ar mhargaí agus ar an aimsir a chur san áireamh.

 

Foghlaim níos mó faoi Raidió Idirnáisiúnta Feirme

Le foghlaim faoi Raidió Idirnáisiúnta Feirme, féach a dtuarascáil bhliantúil 2013 atá idirghníomhach, nó an físeán seo faoi obair Raidió Feirme na Maláive.

Foghlaim níos mó faoi thaithí Ansiira maidir le Grán Buí Próitéine Ardchaighdeáin a chur.