Skip to main content

Comhaontas Domhanda um Thalmhaíocht Aeráid-Chliste

Comhshaol/Athrú Aeráide, Talmhaíocht, Nuacht/gné-alt, An Afraic, 2014

Tá Éire mar chomhalta bunaidh den Chomhaontas nua um Thalmhaíocht Aeráid-Chliste.

Is iad feirmeoirí na ngabháltas beag a chuireann an chuid is mó de bhia na hAfraice ar fáil, lena n-áirítear an méid bia a bhíonn ag teastáil uathu féin. Tá an treisiú atá á dhéanamh acu ar a gcuid táirgiúlachta ar bhealach inbhuanaithe mar phríomhpháirt i ndáil le réiteach a fháil ar ghéarchéim an ocrais san ilchríoch sin. Faraor, tá báisteach throm, triomach, tuilte agus stoirmeacha móra mar chuid anois de shaol laethúil na milliún duine san Afraic. Oibríonn Cúnamh Éireann, trínár gclár cabhrach, leis na pobail seo le haghaidh a thabhairt ar éifeacht agus ar thionchair athrú aeráide.

Inné ag an gCruinniú Mullaigh ar Athrú Aeráide i Nua-Eabhrac, cuireadh in iúl go raibh sé i gceist ag Éirinn dul isteach sa Chomhaontas Domhanda um Thalmhaíocht Aeráide-Chliste. Is ionann an Comhaontas agus tionscnamh domhanda a thugann rialtais, an tsochaí shibhialta agus an earnáil phríobháideach le chéile chun ceachtanna a roinnt agus chun cur le tacaíocht don talmhaíocht aeráid-chliste. Déanfaimid an taithí agus an saineolas atá againn ó thaobh na hÉireann a roinnt, chomh maith leis an méid atá á fhoghlaim againn thar lear trínár gclár Cúnamh Éireann.

Tá ‘trí bhuntáiste’ ag gabháil le Talmhaíocht Aeráid-Chliste; méadú ar fhómhair, láidriú teacht aniar in aghaidh athrú aeráide agus lorg carbóin a ísliú pé áit is féidir. Tugann Cúnamh Éireann tacaíocht do thalmhaíocht aeráid-chliste ag cur le teacht aniar i measc pobail áitiúla sa tSaimbia, sa Mhaláiv, Mósaimbíc agus san Aetóip. Thug Cúnamh Éireann tacaíocht d’infrastruchtúr a choinníonn ithir agus uisce. Táimid nuálach anois ó thaobh caomhnú talmhaíochta a chiallaíonn fómhair níos mó bliain ar bhliain agus feirmeoireacht nach bhfuil goilliúnach ó thaobh an triomaigh. Fástar barraí difriúla an bhliain dár gcionn ionas nach gcuirtear le galar. Go ginearálta, ní dhóitear pé ní a bhíonn fágtha i ndiaidh an fhómhair ach baintear úsáid as leis an ithir a chlúdach, rud a chuireann feabhas uirthi. Spreagtar ‘Barraí a thugann clúdach’ a chur, rud a chiallaíonn go gcuirtear nítrigin leis an ithir agus go leasaítear í. Ní chuirtear mórán as d’ithir atá lag nuair atá an talamh á ullmhú lena chur. Tá Cúnamh Éireann ag cur le húsáid ‘crainn leasaithe' freisin. Cabhraíonn na teicnicí difriúla leis an ithir cur le hábhar orgánach agus le taise agus le hábhar cothaitheach a choinneáil san ithir.

Cuireann talmhaíocht aeráid-chliste deiseanna ar fáil freisin le feabhas a chur ar chothú na ndaoine. Sa Mhaláiv tá feabhas curtha ag Tionscadal Forbartha Thionscal na Síolta ar chaighdeán síolta léagúim atá á gcur do bharr dea-chothaitheach ar nó pis cholúir agus pis talún. Tá oiliúint curtha ar fheirmeoirí na ngabháltas beag le síol feabhsaithe a tháirgeadh agus tá thart ar 395,000 feirmeoir á úsáid anois. Tá feirmeoirí agus a gcuid teaghlach ag baint tairbhe as torthaí níos fearr, praghsanna níos fearr agus sláinte agus cothú feabhsaithe mar gheall ar bhia ina bhfuil níos mó vitimíní agus próitéin a bheith acu.

Go deimhin, i gcomhar le Fondúireacht Mary Robinson - Ceart Aeráide an bhliain seo caite, reáchtáladh Comhdháil Bhaile Átha Cliath ar Ocras, Cothú agus Ceartas Aeráide áit a raibh guthanna na bpobal le cloisteáil agus tugadh léargas ar an taithí chuig idirbheartaíocht idirnáisiúnta na hÉireann.