Skip to main content

Aitheasc an Taoisigh, Éanna Ó Coinnigh Uasal, T.D. Cothú agus Forás

Bochtaineacht, Ocras, Trádáil, Buiséad/maoiniú, Óráidí, Nuacht/gné-alt, Domhanda, Éire, 2013

 

Aitheasc an Taoisigh, Éanna Ó Coinnigh Uasal, T.D.

Cothú agus Forás: Deireadh le hOcras trí Ghnó agus Eolaíocht

Londain, 8 Meitheamh 2013

LEAGAN DEIRIDH – Mar a Tugadh

A Phríomh-Aire Cameron, A Uachtaráin Banda, A Leas-Uachtaráin Temer, A aíonna oinigh,

Ar an gcéad dul síos, is mian liom moladh a thabhairt ar an bPríomh-Aire Cameron mar gheall ar an dúthracht leanúnach maidir le ceisteanna faoin ocras agus faoin gcothú a choinneáil chun tosaigh ar an gclár oibre idirnáisiúnta.

Is é inniu, mura bhfuil dul amú orm, cothrom lá breithe an té a chruthaigh an gréasán domhanda, Sir Tim Berners-Lee.

Nuair atá ceangal níos éasca ag muintir an domhain lena chéile ná mar a bhí riamh, is cinnte gur cúis náire dúinn ceisteanna faoin ocras, faoi easpa cothaithe agus faoi chosc ar fhás a bheith linn go seasta.

Deirimse sin i mo Thaoiseach dom ar thír a dtéann smaointe faoi ghorta agus faoi ocras go domhain in intinn a muintire.

I lár an naoú céad déag, bhí na Gaeil ag ithe féir le greim a chur ina mbolg - bhíomar ag luí siar i reiligí lenár gcuid leanaí - go mbeifí cinnte go mbeadh an corp i dtalamh coisricthe.

Is é cuimhne seo na ndaoine, á tabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin, a fhágann duine as Éirinn ag stáisiúin éigeandála, i gclinicí, ag obair ar thionscadal talmhaíochta, le grúpaí pobail agus i scoileanna ar fud na réimsí den domhan ar i mbéal forbartha atá siad go fóill.

Tá gné náisiúnta, institiúideach, leis an gcuimhne sin freisin.

Ag an gCruinniú Mullaigh faoi Chúrsaí Ocrais le linn na gCluichí Oilimpeacha, d'agair mise, i mo Thaoiseach dom, mar aon leis an mBreatain, an Bhrasaíl agus tíortha eile gur ghá beart cinniúnach a dhéanamh i leith chúrsaí ocrais agus cothaithe.

Bhí an chuspóir soiléir: athrú a chur ar an saol ag na milliúin leanaí sula dtiocfadh na Cluichí Oilimpeacha i Rio.

Táthar ag teacht le chéile anseo inniu chun pleanáil a dhéanamh ar na modhanna ina dtabharfar an cuspóir sin i gcrích.

An bunrud doshéanta, ní mór infheistíocht ríthábhachtach maidir le cúrsaí cothaithe.

Ní amháin gurb é an ceart ó thaobh moráltachta dul i ngleic leis an míchothú agus an milleadh a dhéanann sé ar an saol ag na milliúin, is é atá ciallmhar stuama ó thaobh eacnamaíochta de chomh maith.

Is eol dúinn go gcailltear 11% den OTI san Afraic agus san Áise gach bliain mar gheall ar thearc-chothú.

Is eol dúinn gur féidir toradh suas le $15 a theacht ar gach $1 a chaitear ar chláir cothaithe shonracha.

Tá seifteanna cruthaithe inacmhainne ar fáil againn chun daonra níos láidre agus níos folláine a chruthú leis na scileanna is gá chun forás eacnamaíochta agus forbairt shóisialta a thabhairt i gcrích.

Is den bhunriachtanas go ndéantar an infheistíocht i gcúrsaí cothaithe anois díreach.

Ní rialtais amháin a leigheasfaidh gannchothú agus ocras, ní féidir sin.

Ní mór rialtais, lucht gnó, fondúireachtaí daonchairdis, lucht eolaíochta agus an tsochaí shibhialta ag oibriú le chéile san obair shlánaithe ghéarthábhachtach seo.

Deirimse libh go bhfuil Éire dúthrachtach díograiseach ina leith seo.

Is ábhar é seo atá Éire a bhrú chun cinn agus ag tabhairt tús áite dó leis na blianta fada.

In éineacht leis na Stáit Aontaithe agus tíortha eile, bhí Éire go mór chun cinn i ngluaisteacht na 1,000 Lá.

Mar is eol daoibh, bhíothas dírithe leis an tionscnamh sin ar an tréimhse chinniúnach sin ón toircheas go mbíonn dhá bhliain slán ag leanbh.

Is cúis bróid dúinn bheith ar an lucht tacaíochta bunaithe maidir leis an ngluaiseacht An Cothú a Uas-Scálú, gluaiseacht a bhfuil cion mór déanta aici maidir le hardán don ghníomhaíocht a chruthú mar a thugann sinn ar fad le chéile anseo inniu.

Bíonn cúnamh taca á thabhairt againn maidir le réimse bearta idirghabhála chun cosc ar fhás le linn na luathóige a sheachaint.

Sa Mhaláiv, sa Mhósaimbíc agus san Aetóip, táthar ag obair i gcomhar le páirtithe lucht taighde agus de chuid na sochaí sibhialta chun tabhairt faoi rátaí arda easpa Vitimín A trí chineálacha breischothaíocha, breis vitimíní, den ionam a fhás.

Tugtar cúnamh i gcomhar leis an earnáil phríobháideach maidir le cláir chun treisiú leis an teacht ar phríomhábhar bia de leithéid an phlúir, na hola, an tsiúcra agus an tsalainn.

Fágann an seasamh agus an saineolas faoi leith atá ag Éirinn maidir le cúrsaí talmhaíochta agus bia gur féidir le lucht gnó agus eolaíochta na hÉireann beart faoi leith a dhéanamh i ndáil leis an réimse seo.

Tarraingímse sin anuas an t-am ar fad nuair a bhíonn caidreamh agam le comhlachtaí de chuid na hearnála.

Táthar anois díreach ag féachaint ar na cúiseanna a bhíonn le tearc-chothú agus ag féachaint le leas a bhaint as an infheistíocht in earnálacha buntábhachtacha de leithéid na talmhaíochta, na sláinte, uisce agus sláintíochta, agus sa chosaint shóisialta, chun dul chun cinn maidir le cúrsaí cothaithe a thabhairt i gcrích.

I mí Lúnasa seo caite, ag an gCruinniú Mullaigh faoi Chúrsaí Ocrais tráth na gCluichí Oilimpeacha, gheall mé féin agus an Príomh-Aire Cameron go dtapófaí an Uachtaránacht ar an AE agus an Uachtaránacht ar an G8 mar dheiseanna chun béim a leagan ar an mbuntábhacht atá againn araon le cur in aghaidh an ocrais agus an mhíchothaithe ar fud an domhain.

I gcás na hÉireann, d'oibríomar go dlúth le Coimisiún na hEorpa agus le Ballstáit an AE maidir le Beartas Cothaithe nua de chuid an AE a thabhairt chun cinn i ndáil le cúnamh seachtrach an AE.

Le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, is cinnte gur díríodh aird ar an ábhar.

Ba bhríomhar agus ba dhaonna an phlé ina leith an tráth a raibh plé ardleibhéil ar siúl faoi chúrsaí cobhsaíochta, fostaíochta, buiséad agus baincéireachta san Eoraip.

Ní hé an oiread sin glúnta ó shin ó ba muid féin na tuismitheoirí ocracha, ó ba iad na leanaí cnaíte, tnáite, ata leanaí ár dtíre féin.

Is cúis áthais dúinn mar sin go raibh treoir shoiléir ag an AE le linn Uachtaránacht na hÉireann cur leis na hiarrachtaí maidir le tearc-chothú máithreacha agus leanaí, tabhairt faoin gcosc ar fhás agus faoin lagú, agus cur leis an gcúnamh airgid do thíortha comhpháirtíochta.

Cuireann sin creatchóras ar bun don AE agus do na Ballstáit maidir leis na gealltanais beartais faoi mhíchothú agus éiginnteacht i ndáil le cúrsaí bia a chur i bhfeidhm.

Agus, chomh buntábhachtach céanna, maidir le cuntasacht ina leith a chinntiú.

Is ábhar ríméid dom a rá gur aontaigh Airí Gnóthaí Eachtracha an AE an beartas nua seo an tseachtain seo caite, faoi Uachtaránacht na hÉireann.

Ar ndóigh – tuigeann siadsan, agus sinn uile, nach féidir tabhairt faoi chúrsaí cothaithe go neamhspleách.

Sin é an fáth ar eagraigh Rialtas na hÉireann, i gcomhar le Fondúireacht Mary Robinson ar Cheartas Aeráide, comhdháil idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath i mí Aibreán d'fhonn an clár oibre maidir le cúrsaí ocrais, cúrsaí cothaithe agus cúrsaí aeráide a phlé le chéile.

Mar is eol dúinn, agus mar atá ráite go minic cheana, is iad siúd is lú a tharraing an t-athrú aeráide, is measa atá ag fulaingt uaidh. 

Dá bharr sin, thugamar le chéile na daoine a mhaireann mar a bhfuil an tionchar ón athrú aeráide le brath agus lucht ceaptha beartais ionas go bhféadfaí aird a thabhairt ar thaithí na bhfear agus na mban sin ar gá dóibh teacht ó ghéarchéim na mbarra nach bhfásann, ó bhánú, ó chreimeadh, ó ardú praghsanna bia, ón ocras agus ón tearc-chothú agus go bhféadfaí foghlaim uathu.

Deartháireacha agus deirfiúracha linn iad.

Ní mór é bheith le tuiscint ag na fir agus na mná sin go bhfuiltear ag seasamh leo, agus go bhfuil gach dícheall á dhéanamh againn deimhniú go mbíonn an bia acu a bheathóidh agus a chothóidh a gclann, a chinntíonn go maireann siad agus go dtagann an pobal slán san am atá amach rompu.

Na haidhmeanna nua atá againn maidir le forbairt den inmharthanacht ar fud an domhain, is i ndáil leosan iad, lena dteaghlaigh agus lena bhfuil i ndán dóibh.

Seoladh beartas nua na hÉireann maidir le forbairt idirnáisiúnta an mhí seo caite, 'Domhan Amháin, Todhchaí Amháin'.

Daingnítear leis sin díocas na hÉireann maidir leis an troid in aghaidh an ocrais agus an tearc-chothaithe ar fud an domhain.

Is mian liomsa a rá go n-aontaímid go hiomlán le Comhshocrú Chothú an Fhoráis anseo os ár gcomhair ar maidin.

Geallaim anseo freisin go ndéanfaidh Éire dúbailt ar an dícheall maidir le cúrsaí cothaithe as seo go ceann ocht mbliana.

Ciallaíonn sin dúbailt ar chaiteachas na hÉireann maidir le cúrsaí cothaithe faoin mbliain 2020.

Déanfar sin trí chomhpháirtíocht dháiríre den phraiticiúlacht le tíortha ar mór an t-ualach tearc-chothaithe orthu.

Tabharfar cúnamh na hÉireann le riachtanais na dtíortha sin.

Ach ní leibhéal caiteachais agus airgead amháin atá i gceist le maolú na géarchéime seo agus deireadh a chur le tearc-chothú.

Ní mór saineolas oilte, acmhainneacht institiúide agus comhoibriú ar fud na seirbhíse poiblí ar fad.

Ní mór chomhpháirtíocht buntábhachtacha idir lucht gnó agus rialtais d'fhonn feabhas inbhuanaithe a thabhairt i gcrích i gcúrsaí cothaithe.

Deirimse libh go ndéanfaidh Éire príomhthábhacht maidir le hacmhainní, daoine, saineolas agus airgead a leagan ar thorthaí dáiríre, follasacha, inchainníochtaithe a thabhairt i gcrích maidir le cúrsaí cothaithe.

Trí mhaith a dhéanamh de na geallúintí a thugtar anseo inniu, cinnteofar go dtugtar an aisling sin den saol saor ó ocras agus ó thearc-chothú i gcrích - lenár linn féin.

CRÍOCH