Skip to main content

Ráiteas ón Aire McHugh ag Comhdháil de chuid na Roinne

Éifeachtacht an Chúnaimh, Óráidí, Éire, 2016
Statement for “Our Values” Session, Minister of State for Diaspora and International Development Joe McHugh T.D., DFAT Conference 2016

Ráiteas don seisiún "Ár Luachanna", an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, Joe McHugh T.D.

Ráiteas don Seisiún "Ár Luachanna'

An tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, Joe McHugh T.D.

 

A Ambasadóirí, a aíonna oirirce, a dhaoine uaisle agus a chairde,

Is cúis áthais dom an deis seo a bheith agam labhairt le comhghleacaithe ón tír seo agus thar lear ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, chomh maith lenár gcomhghleacaithe ó Ranna Rialtais eile agus ár n-aíonna atá ag obair ar na mórdhúshláin dhaonnúla atá le sárú ag an domhan anois. Is mór an onóir dom é a bheith páirteach ar phainéal i gcuideachta daoine a bhfuil clú idirnáisiúnta tuillte go cuí acu ar nós John, Sara agus Patricia.

Is Ceannairí Misin iad go leor agaibh atá i láthair anseo inniu, a dhéanann ionadaíocht ar son na hÉireann ar an ardán idirnáisiúnta. Ba mhaith liom fáilte abhaile a chur romhaibh chuig an imeacht seo agus mo bhuíochas a ghabháil libh as an ról tábhachtach a imríonn sibh ar son na Roinne agus ar son bhur dtíre.  Go raibh míle maith agaibh go léir.

Mar is eol daoibh, tá freagracht ormsa as gnóthaí diaspóra na hÉireann agus as clár forbartha idirnáisiúnta na hÉireann – agus is é seo an chéad uair ar cuireadh an dá réimse sin le chéile in aon phunann Aireachta amháin.  Is cúis bhróid dom an cúram sin a bheith orm, agus baineann an-tábhacht leis an dá chuid de i ndáil leis an gclú atá ar Éirinn ar fud an domhain a chothú agus a neartú. 

Feicim deiseanna iontacha chun ceangal a dhéanamh idir mo dhá réimse freagrachta – go háirithe maidir le coinneáil lenár gcuid iarrachtaí freagra a thabhairt ar an ngátar daonnúil.  Go leor agaibh atá anseo inniu, bíonn sibh ag obair i dtíortha ina bhfuiltear ag fulaingt tionchar géarchéime daonnúla.  Tá an t-easáitiú agus an imirce, neamhshláine agus coinbhleacht ina gcúis imní níos mó agus níos mó ag rialtais náisiúnta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta – anseo san Eoraip agus ar fud an domhain.  Tá líon na ndaoine a bhfuil géarchéimeanna ag goilleadh orthu dúbailte le deich mbliana anuas agus is iad coinbhleachtaí is cúis le cuid mhaith den mhéadú.

Deirtear go minic gurb amhlaidh, i réimsí na cabhrach daonnúla agus an réitigh coimhlinte, go mbíonn dearcadh ar leith ag na hÉireannaigh. Eascraíonn sé sin gan amhras ó bhuille tubaisteach an Ghorta Mhóir, ón traidisiún atá againn i dtaobh obair mhisinéireachta, agus, le déanaí, ón bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann.  Creidim gur thug an dearcadh sin treoir do fhreagairt dhaonnúil na hÉireann – cur chuige atá go mór ar bhonn prionsabal – atá tagtha chun cinn mar ghné lárnach dár mbeartas eachtrach, agus ár luachanna mar phobal á léiriú aici. Beidh an taithí sin ina cúnamh freisin agus muid ag tabhairt faoin dúshlán a bhaineann le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a comhaontaíodh an tráth seo anuraidh i Nua-Eabhrac.

I mí Iúil, bhí an deis agam den chéad uair a fheiceáil an cion a dhéanann an obair dhaonnúil agus forbartha a bhfuilimid ina bun le chéile, nuair a thug mé cuairt ar Champa Dídeanaithe Adjumani in Uganda.  Agus mé ag labhairt ansin le dídeanaithe ón tSúdáin Theas a theith ó chogadh brúidiúil, ba ríléir gurb éard is mó atá uathu ná an tsíocháin a bheith i réim ina dtír féin ionas gur féidir leo filleadh abhaile.  Cé nach bhfuil radharc soiléir ar an deis sin go fóill, is mian leo go gcaithfí leo le dínit, go dtabharfar deiseanna dóibh cúram a dhéanamh dóibh féin agus rochtain a bheith acu ar sheirbhísí bunúsacha. Rud a chuaigh go mór i bhfeidhm orm thar aon ní eile arbh ea ról na mban agus na ndaoine óga maidir le dóchas a bheith acu i leith na todhchaí agus iad ag déileáil leis na deacrachtaí laethúla a bhaineann le cónaí a bheith orthu i gcampa dídeanaithe.

Baintear siar asainn de bharr scála mór an dúshláin dhaonnúil atá romhainn. Meastar go bhfuil 125 milliún duine ar fud an domhain buailte ag coimhlintí agus tubaistí; tá 65 milliún duine easáitithe óna gcuid tithe; agus in ainneoin méadú faoi dheich a bheith tagtha ar an gcistiú le fiche bliain anuas, ní furasta don chóras daonnúil coinneáil suas leis an mbail atá ar an domhan. 

Tá an ghéarchéim sa tSiria ar an gceann is mó a tharla sa ghlúin daoine seo.  Faoi dheireadh 2016, beidh Éire aisti féin tar éis os cionn €62 milliún a chaitheamh ar an ngéarchéim sa tSiria le cúig bliana anuas.  Ar an drochuair níl an chuma ar an scéal go bhfuil cúrsaí ag dul i bhfeabhas do na milliúin de mhuintir na Siria a bhfuil cónaí orthu sa tSiria féin; dealraíonn sé nach bhfuil ag éirí linn aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna. Ní mór dúinn níos mó a dhéanamh.

Nuair a d'fhreastail mé ar Chruinniú Mullaigh Daonnúil an Domhain i mí na Bealtaine mar ionadaí an Rialtais, bhí sé de phribhléid agam ár ráiteas náisiúnta a chur i láthair, inar leag mé amach tiomantas na hÉireann Clár Oibre na Daonnachta de chuid Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn a thuilleadh. Clúdaíonn ár dtiomantais an-chuid saincheisteanna éagsúla agus tá siad dírithe ar réimsí inar féidir tairbhe a bhaint as saineolas agus taithí ar leith na hÉireann.  I measc na dtosaíochtaí d'Éirinn tá comhleanúnachas agus comhlántacht níos fearr a chinntiú inár gcuid oibre daonnúla agus forbartha; tacú le tionscnaimh a chothóidh an teacht aniar atá sna pobail leochaileacha; agus a bheith ag obair chun mná a chumhachtú agus chun foréigean ar bhonn inscne in éigeandálaí a chosc agus freagra a thabhairt air. 

 

Rinneadh dian-iarracht ag Cruinniú Mullaigh Daonnúil an Domhain chun an raon is leithne gníomhaithe is féidir a thabhairt le chéile ar chóir dóibh a bheith i mbun gníomhaíocht dhaonnúil agus a bhíonn ina bun sin.  Le linn mo chuairte ar Uganda, thug mé suntas mór don ról tábhachtach a bhí ag Rialtas Uganda i ndáil le fáilte a chur roimh dhídeanaithe ón tSúdáin Theas; an ról comhlántach a bhí ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ról na hearnála príobháidí maidir le réitigh nuálacha a sholáthar chun freastal ar na riachtanais.  Tá mé deimhin gurb é an t-aon bhealach amháin chun dul i ngleic le géarchéimeanna daonnúla casta ná a aithint cén cineál éiceachórais ina mbímid ag obair agus ina mbíonn ról leithleach ach ról comhlántach againn go léir.

Tá mé an-sásta go bhfuil roinnt tionscnamh ar bun againn cheana féin laistigh den chlár cúnaimh, tionscnaimh trína bhfuil ceangal á dhéanamh idir cineálacha cur chuige daonnúla agus cineálacha cur chuige forbartha.  Ba mhór an phribhléid dom é an deis a bheith agam tuiscint níos fearr a fháil ar an nasc daonnúil agus forbartha a bhfuil an oiread ráite faoi.   

Trína bheith ag éisteacht le daoine ag cur síos ar an saol laethúil mar dhídeanaithe i gcampa Adjumani, tháinig mé ar thuiscint ní b'fhearr ar an dúshlán a bhaineann leis an méid sin a bhaint amach. Tuigim anois cén fáth gurb amhlaidh, chomh maith le leanúint ar aghaidh ag freastal ar riachtanais bhunúsacha na ndaoine arbh éigean dóibh imeacht óna dtithe, nach mór dúinn – taobh leis an gcabhair dhaonnúil sin – díriú ar dheiseanna a sholáthar i dtaobh slí bheatha do dhaoine easáitithe, timpeallachtaí slána sábháilte a sholáthar do dhaoine chun cúram a dhéanamh dóibh féin agus dá dteaghlaigh; chun coinneáil leis an oideachas; chun a gcuid scileanna a fhorbairt agus chun pobail chomhtháite a chothú don todhchaí.  Tá na milliúin daoine óga ag fás aníos i gcampaí dídeanaithe agus is iad na daoine óga céanna sin tuar dóchas na todhchaí i ndáil le síocháin, cobhsaíocht agus rathúnas ina dtíortha dúchais – sa Mheán-Oirthear agus san Afraic. 

Is féidir linn níos mó a dhéanamh chun ár gcur chuige traidisiúnta oibre a athrú d'fhonn aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna, freagra níos fearr a thabhairt ar na dúshláin dhaonnúla atá seasta ag dul i méid, agus réitigh inbhuanaithe a chothú sa domhan seo atá ag éirí níos íogaire agus níos idircheangailte.  Ní rud nua í an imirce; tá sí linn agus beidh sí linn.  Trí raon iomlán na hoibre a dhéanann an Roinn seo – caidreamh taidhleoireachta, rannpháirtíocht i gcóras na Náisiún Aontaithe, obair i dtaobh coinbhleachtaí a réiteach, ár gclár cúnaimh a chur chun feidhme – ní mór dúinn anailís a dhéanamh ar na cúiseanna go bhfuil ar dhaoine imeacht óna dtíortha dúchais, ní mór dúinn teacht ar bhealaí níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna, ní mór dúinn féachaint ar ár stair féin agus ár dtaithí féin agus féachaint cad is féidir linn a chomhroinnt.  Táim ag tnúth le féachaint conas is féidir linn níos mó a dhéanamh le chéile inár bplé inniu agus, go deimhin, ag an gCruinniú Mullaigh um Imirce a bheidh á reáchtáil ag na Náisiúin Aontaithe i mí Mheán Fómhair, cruinniú a bhfuil súil agam freastal air.

Mar a dúirt mé in Iostanbúl: Tá an fhreagracht orainn go léir obair le chéile chun na gealltanais sin a chomhlíonadh.