Skip to main content

Ag Fáil Réidh leis an Ocras sa Mhaláiv

Is rud an-tábhachtach é sin i dtír cosúil leis an Mhaláiv áit nach mbíonn dóthain vitimín A ina n-aistí bia ag 73% de leanaí.

Tacaíonn Cúnamh Éireann le clár an Lárionaid Prátaí Idirnáisiúnta sa Mhaláiv, a spreagann feirmeoirí chun Práta Milis Orange Flesh a tháirgeadh chun ocras agus droch-chothú a chomhrac.

Tá mná i Sráidbhaile Mwandama sa Mhaláiv, ag obair le chéile ar an mbarr prátaí milse a chuir siad le déanaí. Ach ní gnáth phrátaí milse iad sin. Is cineál faoi leith iad, iad níos cothaithí agus níos saibhre i Vitimín A, a chruthaíonn buntáistí móra millteacha sláinte dóibh féin agus dá dteaghlaigh.

Le cúnamh ón Lárionad Prátaí Idirnáisiúnta atá á mhaoiniú ag Cúnamh Éireann, cuireadh an cineál seo práta milis ar fáil don aon bhall déag den ghrúpa ban seo in Mwandama, agus múineadh dóibh conas é a chur. Ó ghlac siad páirt sa chlár seo, deir na mná go bhfuil "siad níos folláine agus tá na fir chéile níos láidre".

Is rud an-tábhachtach é sin i dtír cosúil leis an Mhaláiv áit nach mbíonn dóthain vitimín A ina n-aistí bia ag 73% de leanaí.

Chomh maith le bheith cothaitheach, fásann an cineál seo práta milis níos fearr i dtriomach le hais cineálacha eile den phráta agus grán buí a fhástar go traidisiúnta sa Mhaláiv. Tá séasúir curadóireachta agus bainte níos solúbtha aige freisin rud a chiallaíonn go bhfuil soláthar bia níos fearr ann ar feadh na bliana do na mná agus dá dteaghlaigh.

D'fhoghlaim na mná freisin leis na prátaí milse a phróiseáil chun cácaí, sú, beoir milis, friochtóga agus taoschnónna a dhéanamh agus díolann siad iad sin ansin. Leis an ioncam a shaothraíonn siad is féidir leo éadaí a cheannach agus a gcuid leanaí a chur ar scoil, fiú amháin chuig an meánscoil.

Tá an Lárionad Prátaí Idirnáisiúnta, le tacaíocht ó Chúnamh Éireann, ag cuidiú le 70,000 líon tí faoin tuath ar fud na Maláive an t-ocras agus droch-chothú a chomhrac trí fheirmeoireacht prátaí milse a chur chun cinn.

Bímis bródúil as seo:

22% Tháinig laghdú 22% ar uireasa vitimíní i leanaí faoi cúig bliana d'aois sa Mhaláiv taobh istigh de 3 bliana.

13,000 Laghdaíodh líon na mbásanna i leanaí faoi cúig bliana d’aois ar fud an domhain ó 12.4 milliún in 1990 go 7.6 milliún in 2010, sin laghdú 13,000 ar líon na leanaí a bhí ag fáil bháis in aghaidh an lae