Skip to main content

Ag Tacú le Feirmeoirí Ban sa tSúdáin

Muna Abu Jabar (43) with her son and their goats in Muglad, South Kordofan, Sudan.  Photo: Concern / Alaa Hamid al Bashir, 2012.

"Tá feabhas curtha ag na gabhair seo ar mo shaol féin agus ar shaol mo mhac."

Cónaíonn Muna Abu Jabar, 43, lena mac atá naoi mbliana d’aois, a deartháir níos sine agus trí theaghlach eile i mbaile Dilaima, 15km ó thuaidh de Muglad. D’aistrigh sí anseo nuair a maraíodh a fear sa gcogadh, blianta fada ó shin.

Bháigh tuillte talamh feirme Muna le dhá bhliain anuas agus bhí tionchar diúltach aige seo ar sholáthar bia in sa gceantar. Chuir na tuillte as go mór don ghrán buí agus don ocra a fhásann Muna.

D’ainmnigh a comharsana Muna mar dhuine de leathchéad ban a fuair dhá ghabhar phórúcháin, mar chuid d’idirghabháil Concern, maoinithe ag Cúnamh Éireann, a sholáthraíonn ainmhithe beaga do theaghlaigh atá an-bhocht agus ar mná atá i mbun an tí.  Ó fuair sí na gabhair, tá dhá mheannán saolaithe acu cheana féin, ceann fireann agus ceann baineann.

Gach maidin, dúisíonn Muna go luath chun an dá ghabhar a bhleán.   Siúlann sí ansin ar feadh beagnach uair an chloig go dtí margadh Muglad áit a ndíolann sí lítear amháin bainne ar chomhionann is $0.70.  Coinníonn sí lítear amháin chun í féin agus a mac a bheathú sa tráthnóna.

Tá an clár seo bunaithe ar an dtuiscint gur féidir le úinéireacht ar roinnt stoic difríocht a dhéanamh i saol feirmeoirí bochta ban.  

Go traidisiúnta coinníonn mná i Kordofan Theas ainmhithe beaga ar nós gabhair agus caoirigh agus is foinse thábhachtach bia agus ioncaim iad do mhná agus dá dteaghlaigh.  Tá méid ag teacht ar thábhacht na n-ainmhithe beaga mar go bhfuil teorainn á cur ar na bealaí féaracha d’ainmhithe níos mó ar nós beithígh de bharr coimhlinte sa réigiún.      

Bhí Muna ríméadach nuair a labhair sí linn agus dúirt sí, “Mothaím go bhfuil beannacht orm. Tá feabhas curtha ag na gabhair seo ar mo shaol féin agus ar shaol mo mhac. Tá roinnt ioncaim breise anois agam le cur leis an mbeagán feirmeoireachta a dhéanaim, agus táimid ábalta muid féin a choinneáil.”

Emergency Assistance for Sudan and South Sudan

Minister of State Joe Costello has announced €2million in emergency assistance for Sudan and South Sudan.