Skip to main content

Acmhainn na feirmeoireachta ar scála beag a dhíghlasáil

Mamosiuoa Maromaki working at her keyhole garden, Leribe, Lesotho. Photo: Matela Thabane, Irish Aid

Bhain breis agus 13,000 duine tairbhe as úsáid gairdíní poll-ocracha go dtí seo.

I Leosóta tá beagnach leath den daonra ag maireachtáil faoin mbochtaineacht ainsealach agus tá stádas cothaithigh leanaí faoi bhun a cúig ag dul in olcas, 13% faoi bhun an ghnáthmheáchain, agus crapadh ag dul i gcionn ar 39%. Is fadhb thromchúiseach í an triomach le blianta beaga anuas, é ina chúis le meath seasta ar an bpríomhtháirge agus damáiste á dhéanamh do shlite beatha 80% den daonra.

Bíonn gairdíní teaghlach traidisiúnta beag de ghnáth ina fhástar barr amháin nó dhó, min bhuí go minic nó cineál amháin glasra, mar shampla cabáiste. Ní hionann cás le garraíodóireacht pholl-ocrach atá aitheanta ag NGOnna áitiúla agus idirnáisiúnta mar idirghabháil ar féidir leis an éagsúlacht agus an táirgiúlacht a fheabhsú i bhfeirmeoireacht ar scála beag, agus tugann an Rialtas agus gníomhaireachtaí NA mar FAO agus WFP tacaíocht don chur chuige seo.

Is éard is gairdíní poll-eochracha ann ná leapacha cruinne beaga a uiscítear ón lár, barra éagsúla curtha iontu chun a chéile a chomhlánú. Agus ballaí cloiche in úsáid leis an teas a choinneáil, laghdaítear baol damáiste seaca san oíche, agus cuidíonn an éagsúlacht níos mó barr soláthar táirgí úra ar feadh na bliana a chinntiú. Úsáideann gairdíní poll-eochracha níos lú uisce agus féadfaidh siad ‘uisce liath’ ó níochán a úsáid freisin rud a ghearrann siar ar ídiú uisce.

Fágann an modh garraíodóireachta seo gur féidir éagsúlacht níos mó táirge a chur mar spionáiste, oinniúin, cairéid agus biatas a cuidíonn le feabhas a chur ar chothú an teaghlaigh. Bhain breis agus 13,000 duine tairbhe as úsáid gairdíní poll-ocracha go dtí seo.