Skip to main content

Lá Domhanda Raidió: Raidió agus Teileachumarsáid i bhFreagra Éigeandála

Michael Lee, Irish Aid Rapid Responder, stands beside a sign which outlines Irish Aid's support for the Typhoon Haiyan relief efforts among other donors.

Cuireann an raidió bealach éifeachtach ar fáil chun eolas riachtanach a chraoladh chuig pobail leochaileacha agus chun cumarsáid a dhéanamh le freagróirí éigeandála eile

I gcásanna éigeandála, tá seirbhís atá in ann saol duine a shábháil,  in ann eolas a scaipeadh ar phobail go tapa, riachtanach. Cuireann an raidió bealach éifeachtach ar fáil chun eolas riachtanach a chraoladh i measc pobail leochaileacha agus chun cumarsáid a dhéanamh le freagróirí éigeandála eile.

 De bharr ilúsáidteacht agus rochtain fhairsing raidió, is seirbhís thábhachtach é maidir le freagra a thabhairt ar éigeandáil ar bith, agus is mar gheall air sin a bhfuil saineolaithe i gcúrsaí raidió agus teileachumarsáide ag Cór Mearfhreagartha Chúnamh Éireann a bhíonn réidh le himlonnú i gcás géarchéime.

Tá saineolaithe i gcúrsaí raidió agus teileachumarsáide ag Cór Mearfhreagartha Chúnamh Éireann a bhíonn réidh le himlonnú i gcás géarchéime.

 

Is ball de Chór Mearfhreagartha Chúnamh Éireann é Michael Lee, as Corcaigh ó dhúchas. Guiuan sna hOileáin Fhilipíneacha an áit deiridh ar cuireadh ann é, i ndiaidh Tíofúin Haiyan.

Ba é Guiuan an chéad áit ar tháinig an Tíofún ollmhór i dtír agus bhí an áit scriosta ag an stoirm thrópaiceach. Cuireadh Michael ann leis an gClár Domhanda Bia (WFP), atá freagrach as lóistíocht a chomhordú i gcásanna éigeandála. Bhain an WFP leas as scileanna Michael maidir le gineadóirí a shocrú chun soláthairtí cumhachta éigeandála a chur ar fáil, agus chun teileachumarsáid raidió a chur ar fáil chun cumarsáid níos fearr idir foirne freagartha éigeandála a chumasú.

Bunaíodh campa téarnaimh ar thailte na hollscoile in Guiuan, a bhí scriosta ar fad ag an Tíofún. Bhí an fhoireann in ann an freagra éigeandála a chomhordú ón gcampa seo agus chomh luath is a bhí na riachtanais láithreacha á gcomhlíonadh, thosaigh an fhoireann ag pleanáil don chéim téarnaimh.

Baintear leas as scileanna Chór Mearfhreagartha Chúnamh Éireann go leanúnach chun cabhrú leis na daoine is leochailí i gcásanna éigeandála.

 

Teicneolaíocht le linn freagra éigeandála

Faigh amach níos mó faoin tslí a mbaintear úsáid as TF agus Teileachumarsáid chun freagra a thabhairt ar éigeandálaí.